|
|
|
Beidh an chéad Féile Scannáin Faisnéise riamh, GUTH GAFA, ag tarlú i nGort an Choirce, Co. Dhún na nGall idir an 18ú agus an 21ú Bealtaine 2006. |
Taispeánfaidh GUTH GAFA réimse de scannáin faisnéise ó Éirinn agus ó thimpeall na cruinne agus cuirfear i láthair sraith de sheimineáir agus ardranganna do lucht scannáin agus lucht leanúna na faisnéise. |
|
| Beidh GUTH GAFA speisialta sa mhéid gurb é an t-aon Féile Faisnéise sa domhain a bheas ag úsáid Gaeilge mar an teanga oifigiúil, agus go mbeidh sé ag tarlú i gceann de na sráidbhailte is lú in Éirinn. Rud sainiúil eile nó go mbeidh na stiúrthóirí atá ar cuairt ag glacadh páirt in díospóireacht i ndiaidh a scannán a thaispeáint, ag tabhairt deis do lucht scannáin, mic léinn agus an lucht féachana ceisteanna a chur orthu. |
| |
|