cairde ghuth gafa
bearlaGaelige
   
films
day by day
industry events
ardrang
guests
gailearaí
Tá an clár iomlán do Ghuth Gafa 2007 cinntithe.
Tá clár do gach lá ar fáil anseo.

china blue `China Blue', Na Stáit Aontaithe/An tSín, 2006, Stiúrthóir: Micha Peled. Amanna do na Taispeántais: 8:00 i.n. Dé Sathairn & 2:15 i.n. Dé Domhnaigh (Cinemobile)
Is turas cumhachtach agus coscrach isteach sa domhan cruaidh d’oibrithe siopa allais é seo. Scannán a rinneadh faoi rún, is cuntas é seo ar nach bhfuil an tSín agus na miondíoltóirí ag iarraidh muid a fheiceáil: is é sin, conas go díreach a dhéantar na héadaí a cheannaímid. Téimid isteach i monarcha bríste géine gorm le ‘China Blue’ ina bhfuil beirt cháilíní, Jasmine and Orchid, ag iarraidh maireachtáil sa timpeallacht oibre cruaidh seo.
A heartbreaking and meticulous documentary about life inside a blue-jeans factory in China New York Times
tuilleadheolas
   
new year baby `New Year Baby', Na Stáit Aontaithe/ an Chambóid, 2006, Stiúrthóir: Socheata Poeuv. Am don Taispeántais: 4:30 i.n. Dé Domhnaigh (Óstán Loch Altan)
Is scéal corraitheach agus pearsanta é seo faoi thuras mná óige Cambódaí – Meiriceánaí agus a teaghlaigh ag iarraidh rúin an stair thragóideach faoi réim an Khmer Rouge a nochtadh. Tagann ionracas, greann agus déine léanmhar chun solais sa scannán a léiríonn go héifeachtach iarracht iníne stair a teaghlaigh a thuiscint agus toilteanas athar a leochaileachtaí a scaoileadh trí dhul i ngleic lena sheansaol.
It was a tour de force for anyone, and particularly for a young, first-time filmmaker... Movies That Matter
tuilleadheolas
   
sugartown `Sugartown: The Bridegrooms', An Ghréig/Germany, 2006, Stiúrthóir: Kimon Tsakiris. Amanna don Taispeántais: 7:00 i.n. Dé hAoine & 2:30 i.n. Dé Domhnaigh (Óstán Loch Altan)
Sa sráidbhaile Ghréagach de Sugar Town, tá fadhb mhór ag na fir. Tá na mná ag teitheadh as an cheantar ar lorg oibre nó pósta sna cathracha móra agus ag bhfágáil na bhfear ina ndiaidh leo féin is uaigneach. Geallann a méara glic do na fir go bhfaighidh sé mná céile dóibh sa dóigh go n-aththoghfaí é. Déanann sé teagmháil le méara an bhaile Rúisigh, Klin, a chruinníonn 100 bean óg atá ag cuartú fir céile eachtrannacha. Is léargas searbh é seo agus atá greannmhar go minic ar ghrúpa fear Gréagach a théann ar thóir brídeach.
“Loaded with charm and real emotion, "Sugartown" offers good-natured sympathy for its rural subjects and doesn't show any urban superiority by mocking the hapless bachelors at the film's heart.” Variety
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'Every Good Marriage Begins with Tears', UK, 2006, Stiúrthóir: Simon Chambers. Amanna do na Taispeántais: 1:00 i.n. Dé Sathairn & 6:45 i.n. Dé Domhnaigh (Óstán Loch Altan)
Tá beirt cháilíní Bangladeisheacha, a rugadh agus a tógadh i Londain atá ar tí pósadh, ach is iad na tuismitheoirí a roghnaigh na fir. Tá an deirfiúr is sine géarintinneach agus borb agus tá an deirfiúr eile níos géilliúla agus cráifeach mar dhuine. Ach tá an bheirt acu amhrasach faoi phósadh. Leanann Simon Chambers iad sna míonna beaga roimh an lá mór. Tugann an scannán léargas uathúil, ionraic agus greannmhar ar shaol teaghlaigh agus ar choimhlint idir glúiní agus cultúir.
“Likely to elicit tears of laughter more than sadness” Variety
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'The Great Happiness Space: Tale of an Osaka Love Thief', An tSeapáin/Stáit Aontaithe Mheiriceá, 2006, Stiúrthóir: Jake Clennel. Amanna do na Taispeántais: 4:30 i.n. Dé hAoine & 10:15 i.n. Dé Sathairn (Cinemobile)
Cuireann "The Great Happiness Space: Tale of an Osaka Love Thief," domhan rúnda iontach de shiamsaíocht oíche na Seapáine i gCaife Rakkyo, Osaka i láthair.
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'Saol Úr in Albain' Éireann 2006 Stiúrthóir: Mal Marken. Am don Taispeántas: 10:00 r.n. Dé hAoine (Óstán Loch Altan)
An ghlúin deiridh de mhná Thír Chonaill a chuaigh go cathair thionscail Ghlaschú go mall sna 1940í, 50í agus 60í is ábhar don chlár faisnéise, ‘Saol Úr in Albain’. 50 bliain ar aghaidh ón iontas sóisialta seo, fiosraíonn an clár an dóigh ar mhúnlaigh an saothar imirceach saol na mban suntasach seo agus mhórphobal Thír Chonaill.
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'Rotha Mór an tSaoil', Éireann, 1998, Stiúrthóir: Des Bell. Am don Taispeántas: 12:30 i.n. Dé Domhnaigh (Cinemobile)
Tá an clár faisnéise seo bunaithe ar `Rotha Mór an tSaoil', dírbheathaisnéis an oibrí imircigh, Mici MacGabhann (1865-1948). Tugann a scéal léargas ar shaol na milliún eisimirceach Eorpach a thrasnaigh an tAtlantach ar lorg túis úr, agus ar an saol coscrach ar bhuail siad leis nuair a bhain siad an áit amach. Léirítear an scéal le hábhair cartlainne agus le píosaí scannáin chiúine agus píosaí cláir faisnéise.
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'Fear na n-Oileán', Éireann, 2006, Stiúrthóir: Loic Jourdain. Am don Taispeántais: 1:00 i.n. Dé Domhnaigh (Óstán Loch Altan)
1980, leagtha i neamart ag an Rialtas agus ag an Eaglais, bhí tochadaí phobail oileánda na h-Éireann go mór i ndáinséar. Ba é Oileán Thoraigh, Co. Dhún na nGall an chéad oileán eile a bhí ar bhéal a bheith tréigthe.
Ach tháinig cor i scéal Oileán Thoraigh nuair a ghlac an tAthair Ó Péicín, sagart Íosánach, post ar an oileán.
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'The Legacy of Tibhirine', An Fhrainc, 2006, Stiúrthóir: Emmanuel Audrain. Am don Taispeántas: 11:00 r.n. Dé Sathairn (Óstán Loch Altan)
I Márta 1996, i lár cogaidh idir an GIA (Armed Islamic Group) agus stát na hAilgéire, tháinig scéal amach gur gabhadh seachtar manach Francach, lonnaithe ag mainistir in Tibhirine, céad míle aneas ó Algiers sa Sliabhraon Atlas, gabhadh iad mar ghialla. Thángthas ar a gcoirp sé seachtainí ina dhiaidh sin. Fuair níos mó ná deich míle Algéireach agus cuid mhór iartharach – ar a n-áiríodh cuid mhór ball d’oird rialta – bás sa chogadh sibhialta seo.
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'Souvenirs', An Israel, 2006, Stiúrthóirí: Shahar Cohen, Halil Efra. Am do na Taispeántas: 2:00 i.n. Dé hAoine (Óstán Loch Altan)
Is scannánóir dífhostaithe é Shahar. Molann a athair, Sleiman, Éimineach dian de 82 bliain d’aois, gur cheart do Shahar scannán a dhéanamh faoi Bhriogáid na nGiúdach, ina ndearna sé seirbhís le linn an Dara Cogaidh Dhomhanda. Éiríonn Shahar díograiseach nuair a thuigeann sé go m’bhféidir gur fhág a athair cuid "cuimhneachán" trí bheirt bhan Dhúitseacha a fhágáil torrach.
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'Comrades in Dreams', An Ghearmáin, 2006, Stiúrthóir: Uli Gaulke. Amanna do na Taispeántais: 11:00 r.n. Dé Sathairn & 7:00 i.n. Dé Domhnaigh (Cinemobile)
Tá cónaí orthu na mílte kiloméadar óna chéie ach tá siad ar tóir an aon bhrionglóid. Ins an scannán COMRADES IN DREAMS, castar orainn daoine a bhfuil a saol ag casadh ar rotha an cineama.
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'Dreaming by Numbers', An Ísiltír, 2005, Stiúrthóir: Anna Maria Buchetti. Am don Taispeántas: 2:30 i.n. Dé Sathairn (Óstán Loch Altan)
Is feidir breathnú ar an chreideamh pisreogach ata ag na Neaplaigh ins na huimhreacha agus ins an tionchur gur féidir leo a bheith acu ar an todhchaí, mar iarracht ar chor a chuir ins an chinniúint.
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'Hacking Democracy', Stáit Aontaithe Mheiriceá, 2005, Stiúrthóirí: Simon Ardizzone, Russell Michaels. Am don Taispeántas: 10:15 i.n. Dé Sathairn (Óstán Loch Altan)
Déanann innill vótála leictreonacha 87% de na vótaí a chomháireamh i Meiricea faoi láthair. Ach an féidir brath orthu? An bhfuil siad sábháilte ó bhradaíocht? Mar gheall ar fhiainise comhthionálach faoi láthair agus mí-úsáid sonraí agus caimiléireacht dá luadh go rialta i dtuairiscí ins na meáin, tá imní ag méadu go laethúil fá cheist ionracais an vótáil leictreonach.
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'Noisemaker', Éireann, 2007, Stiúrthóir: Dara McCluskey. Am don Taispeántais: 3:30 i.n. Dé Sathairn (Cinemobile)
Is laoch é Jinx Lennon…i nDún Dealgan. Ní bheifeá ag iarraidh go gceolfadh sé ag do bhainis. Déan dearmad ar dhuine ar bith ag damhsa, ar Sweet Caroline agus ar válsa galánta don Bhrídeach agus Ghrúm. B’fhéidir go bhfaighfeá cuid ‘folk punk’ measctha le ‘rap Éireannach’. Sreabh an chomhfheasa ó dhugaí Dhún Dealgain nach stadann sé go dtí go dtéann a dhearcadh, a fhearg agus a bharúil ar an tíogar seipteach i bhfeidhm ort.
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'Streetfight', Stáit Aontaithe Mheiriceá, 2005, Stiúrthóir: Marshall Curry. Am don Taispeántais: 5:00 i.n. Dé Sathairn (Cinemobile)
“The best American political documentary since 1993's The War Room”, a dúirt an Washington Post faoin scannán STREET FIGHT, scannán a fuair ainmniuchán do Oscar. Scéal spéisiúil is ea é faoin taobh dhorcha de dhaonlathas Mheiricea, ag cur i gcroinic an rása géar do Mhéara Newark N.J., idir Cory Booker, 32 bliain d'aois - Scolaire ó Rhodes/ Céimí Dlí de chuid Yale, agus Sharpe James curadh polaitiochta New Jersey ar feadh ceithre thearma gan cur ina choinne.
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears '9 Star Hotel', An Israel, 2006, Stiúrthóir: Ido Haar. Am don Taispeántas: 9:00 i.n. Dé hAoine & 11:00 r.n. Dé Domhnaigh (Óstán Loch Altan)
“Scannán vérité cumhachtach, níos pearsanta ná polaitiúil, taiscéalann sé na cumainn a fhásann idir grúpa fear Palaistíneach atá ag obair go mídhleathach in Iosrael.
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'Forever Yours', An Iorua, 2005, Stiúrthóir: Monica Csango. Amanna do na Taispeántais: 7:00 i.n. Dé hAoine & 11:00 r.n. Dé Domhnaigh (Cinemobile)
Sa scannán mothálach agus corraitheach seo, roiseann an stiúrthóir, Monica Csango go fadálach an rún teaghlaigh gan sceitheadh faoina seanathair Ungárach.
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'Exile Family Movie', An Ostair, 2006, Stiúrthóir: Arash. Am don Taispeántas: 5:00 i.n. Dé Satharn (Óstán Loch Altan)
Eagraíonn teaghlach Peirseach, deighilte ó thaobh suímh de, eagraíonn siad teacht le chéile rúnda sa scannán faisnéise milis agus searbh seo faoin ghrá, an teaghlach agus faoi dheighilt.
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears The Chances of the World Changing', Stáit Aontaithe Mheiriceá, 2006, Stiúrthóir: Eric Metzgar. Amanna do na Taispeántais: 2:30 i.n. Dé hAoine & 4:30 i.n. Dé Domhnaigh (Cinemobile)
Tréigeann ealaíontóir saothar a shaoil le háirc a thógáil líonta leis na céadta ainmhithe atá i gcontúirt. Is cineál scannáin nádúrtha drámata nua é seo: faoi am, faoin bhás, ealaíon, ghrá agus faoi thurtair.
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'Here to Stay', Éireann, 2006, Stiúrthóirí: Alan Grossman agus Áine O'Brien. Am don Taispeántais: 12:00 i.n. Dé hAoine(Óstán Loch Altan)
Chuir na hathruithe a tharla ar fud na hÉireann le deich mbliana anuas aghaidh na tíre as aithne. I dtír a raibh sruth na himirce uaithe ar feadh na mblianta is é a mhalairt atá fíor anois, daoine ag teacht anseo agus toghlach d’oibrithe imirceacha ón Afraic, ón Áise agus Oirthear na hEorpa, - daoine a gcuirfeadh sé mór-athrú ar a gcineál saoil dá mbeadh viosá oibre acu seachas ceadúnas oibre gearrthéarmach. Scannán breathnóireachta daonachtúil is ea é, a tógadh thar threimhse dhá bliana.

tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'The Consultation', An Fhrainc, 2006, Stiúrthóir: Hélène de Crécy. Am don Taispeántas: 1:00 i.n. Dé Sathairn (Cinemobile)
Feiceann an dochtúir ginearálta deaslabhartha Francach, Luc Perino, daoine ó gach tréimhse den tsaol ina sheomra comhairliúcháin: ó leanaí nuabheirthe go daoine i mbéal báis, chomh maith le gach duine eile a bhuaileann ar a dhoras lena míchompord...

tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'An Ember's Glow', Éireann, 2006, Stiúrthóir: Niamh Kennedy. Am don Taispeántas: 12:30 i.n. Dé Domhnaigh (Cinemobile)
Thit Jim i ngrá leis an phortach nuair a bhí se ina ghasúr óg i dTír Chonaill, Éire, agus é ag amharc ar a athair agus a sheanathair ag baint na móna mar a ba ghnách leo a dhéanamh gach bliain. Tháinig sé ar ais ó Londain lena bean chéile agus an teaghlach óg agus é go fóill ina fhear óg, agus chuir sé faoi sa cheantar álainn de thuath Chill Mhantáin.
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'A Very British Gangster', An Sasáin, 2006, Stiúrthóir: Donal McIntyre. Am don Taispeántas: 8:00 i.n. Dé Sathairn (Óstán Loch Altan)
Téann A VERY BRITISH GANGSTER isteach le hiomlán rochtain i gceann de na teaghlaigh choirpiúla is dainséaraí sa Bhreatain. Den chéad uair ariamh nochtann baicle de choirpigh chomhaimseartha a saol, ag léiriú saoil bhrúidiúil agus iochtar-aicme atá ag brath go huile ar bhithúnaigh seachas ar na póilíní i gcúrsaí cearta.

tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'Colman Doyle: Abhar Machnaimh', Éireann, 2005, Stiúrthóir: James Kelly. Am don Taispeántas: 12:30 i.n. Dé hAoine (Cinemobile)
Caitheann an clár seo súil ar shaothar Colman Doyle, griangrafadóir atá ag glacadh grianghraif de shaol na hÉireann le trí scóir bliain.
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'Tolláin Dubha', Éireann, 2004, Stiúrthóir: Hilary Dully. Am don Taispeántas: 10:00 r.n. Dé hAoine (Cinemobile)
Tá ceann de na rátaí féinmharaithe is mó ar an domhan d’fhir óga ag Éirinn. Scrúdaíonn an scannán faisnéise dátheangach seo an dearcadh Éireannach i dtaobh féinmharaithe; ó nuair a bhuail an cheist le ciúnas, náire agus ciontacht, go dtí an lá atá inniu ann agus an cuardach do fhreagraí agus réitigh.

tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'Silver Surfari', Éireann, 2007, Stiúrthóir: Angus Hubbard. Am don Taispeántas: 9:00 i.n. Dé hAoine (Cinemobile)
Tagann grúpa ‘surfers’ atá ag bogadh anonn in aois le chéile den chéad uair le 40 bliain anuas agus téann siad ar thuras mór ar feadh chósta thiar Éireann. Is aistear ‘athaimsithe’ é seo de sheanchairde agus thogha ama.
tuilleadheolas
   
every good marriage begins with tears 'Who is for Liberation', Éireann, 1980, Stiúrthóir: Joe Dunn. Am don Taispeántas: 4:30 i.n. Dé hAoine (Óstán Loch Altan)
Cúlra sóisialta, polaitíochta agus reiligiúnach an fhoréigin leanúnaigh in El Salvador is ábhar don scannán faisnéise seo.
tuilleadheolas
Liosta iomlán scannán de réir ord aibítre:
 
9 Star Hotel
The Chances of the World Changing
China Blue
Colman Doyle: Abhar Macnaimh
Comrades in Dreams
The Consultation
Dreaming by Numbers
An Ember's Glow
Every Good Marriage Begins with Tears
Exile Family Movie
Fear na n-Oileán
Forever Yours
The Great Happiness Space: Tale of an Osaka Love Thief
Hacking Democracy
Here to Stay
The Legacy of Tibhirine
New Year Baby
Noisemaker
Rotha Mór an tSaoil
Saol Úr in Albain
The Silver Surfari
Souvenirs
Streetfight
Sugartown: The Bridegrooms
Tollain Dubha
A Very British Gangster
Who is for Liberation?
 
baile clar ticeadaí cló urrai
teagmháil