bearlaGaelige
   
films
day by day
industry events
ardrang
guests
gailearaí
9 Star Hotel
An Israel, 2006, 78 nóim
Stiúrthóir: Ido Haar
Amanna do na Taispeántais:
9:30 i.n. Dé hAoine (Óstán Loch Altan)
11:00 r.n. Dé Domhnaigh (Óstán Loch Altan)
I gcríocha faoi fhorghabháil an Iosraeil, tá na mílte Pailistíneach ag obair mar oibrithe tógála. I ndiaidh turais chrua agus chontúirtigh, agus iad ag iompar cuid mhór pluideanna agus málaí, trasraíonn siad na conic le dul go dtí na háiteanna a dtig linn fostaíocht a aimsiú. San oíche, téann siad a chodladh ar na cnoic i mbotháin bhochta agus i gcubhachailí ar nós cónraí, i gcodarsnacht ghéar leis na hollionaid árasán a bhíonn á dtógáil acu gach lá. Ach, tá bailte déanta acu dóibh féin le ceannadhairteanna teolaí agus a fhaigheann cumhacht ó chadhnraí ar tháinig siad orthu fiú.
In 9 Star Hotel, leanann na scannánóirí Ahmed agus Muhammad, duine amháin acu ina bhailitheoir mór ábhar agus an duine eile ina léirmheastóirín fhealsúnach den charachtar Palaistíneach ("We think backward. We never think forward."). Le chéile, roinneann siad bia, giuirléidí agus scéalta, agus maireann siad faoi bhagairt a ngabhála - tá na péas, saighdiúirí agus an tseirbhís rúnda ar fad ar an airdeall d’oibrithe mídhleathacha. Le híomhánna boise, taifeadann an scannán mearbhlach ach mothálach seo cairdeas, cumha agus an dúil neamhghéilliúil maireachtáil.
Ar Áis...
 
baile clar ticeadaí cló urrai
teagmháil