Is portráid fheiceálach ó thaobh físe de agus dlúthléargas ar mhisean dochreidthe fir í The Chances of the World Changing. Leanann an scannán fileata seo Richard Ogust, scríbhneoir atá ina chónaí in Manhattan, a chuir a chuid oibre ar an leataobh lena dhúthracht a chaitheamh leis na céadta turtar agus toirtís atá i mbaol dul in éag a tharrtháil.
Tá Risteárd ag streachailt lena bhailiúchán d’ainmhithe atá ag síorfhás- 1200 turtar agus toirtís ar fad – ceann de na bailiúcháin phríobháideacha is mó ar an domhan. Buaileann sé le constaicí arís agus arís eile agus é ag fáil réidh leis an instidiúid caomhnaithe is mó sa tír a chruthú. De réir mar a fhásann a bhailiúchán, laghdaíonn a acmhainní, agus tosaíonn an áirc mhór atá tógtha aige dul faoi uisce.
Is scannán liriceach a bhfuil gradaim bainte aige é seo, a chlaochlaíonn scéal iontach fhir amháin ina fháthscéal faoi chumhacht an ghrá agus na féidearthachtaí d’athrú. |