cairde ghuth gafa
bearlaGaelige
   
films
day by day
industry events
ardrang
guests
gailearaí

 

Comrades in Dreams
An Ghearmáin, 2006, 100 nóim
Stiúrthóir: Uli Gaulke
Amanna na dTaispeántas:
11:00 r.n. Dé Sathairn (Cinemobile)
7:00 i.n. Dé Domhnaigh (Cinemobile)

Tá cónaí orthu na mílte kiloméadar óna chéile ach tá siad ar thóir na brionglóide céanna. Sa scannán COMRADES IN DREAMS, castar orainn daoine a bhfuil a saol ag casadh ar rotha an cineama. Duine acu sin Han Jong Sil, ón Chóire Thuaidh, bean a bhfuil aoibh dhodhearmadtha uirthi agus a bhfuil grá don saol aici, fiú an saol a bhí dá tarraingt idir an bholscaireacht, a brionglóidí fhéin agus tuairiscí ar an bharr. Is mian lei scannáin a thaispeáint le feabhas a chur ar chineál beatha daoine eile. Soghonta, uaigneach agus tnúthach, soilsíonn sí mar réalta os cionn muir an chomhionannais.
Thiomnaigh Penny Tefertiller as Wyoming na Stáit Aontaithe, a saol fein chun freastal ar an phobal, ag díriú flúirse a cuid fuinnimh i dtreo ionad cruinnithe don óige agus don uaigneach. Tá rian de dhíogras an mhisinéara ag baint léi agus í i gceann fíorú a brionglóid faoin cineama - cosúil le Han Jong Sil ar bhealach, tá sí paiseanta agus ag cur thar maoil le dea-thoil.
Tá féin-mhuinín agus fuinneamh ag Lassane agus a chairde, Luc agus Zakaria ón Ouagadougou. Chuir siad gach rud i mbaol ar mhaithe le pictiúrlann a bhunadh i Burkina Fasu, ceann dena tíortha is boichte ar domhan. Tá cuid mhór i ngeall acu: rinne siad neamart ina dteaghlaigh le dul díreach isteach i bhfiontar eacnamaíochta.

Ar Áis...
 
baile clar ticeadaí cló urrai
teagmháil