cairde ghuth gafa
bearlaGaelige
   
films
day by day
industry events
ardrang
guests
gailearaí
The Consultation
An Fhrainc, 2006, 91 nóim
Stiúrthóir: Hélène de Crécy
Am an Taispeántais:
1:00 i.n. Dé Sathairn (Cinemobile)

Feiceann an dochtúir ginearálta deaslabhartha Francach, Luc Perino, daoine ó gach tréimhse den saol ina sheomra comhairliúcháin: ó leanaí nuabheirthe go daoine i mbéal báis, chomh maith le gach duine eile a bhuaileann ar a dhoras lena míchompord.
Tugann sé cluas go haireach, cáirdiúil dá gcuid éileamh agus é á gceistiú ar feadh an ama. Corruair bíonn rudaí soiléir láithreach. “ Tá fhios agat cén diagnóis agus cén leigheas”, a deir sé go gealgháireach le bean óg a chuir ceist arbh iad na toitíní a ba chúis leis an slaghdán a bhí uirthi de shíor. Ach i morán cásanna is é cúis na heasláinte ná fadhbanna doimhine nach féidir nach bhfuil de leigheas ag an dochtúir orthu ach deachomhairle agus trua.. Déanann Hélène de Crécy scannánaíocht ar chuid ghinearálta den chleachtadh laethúil - an muinéal dolúbtha, cothú leanaí, atreorú do ghinmhilleadh, taomanna anbha, andúil alcóil, scitsifréine - le stíl bhreathnúil shoiléir, - athchuimhneach ar shaothar Raymond Depardon. Taobh amuigh de dhá chuairt chuig tithe, fanann an ceamara taobh istigh den seomra comhairleach. Níl aon chuntas ach amháin nuair a iompaíonn an Dochtuir Perino chuig an cheamara agus é ag machnamh ar a theorainneacha. Nuair a bhíonn a chuid othar cráite ag droch choinníollacha oibre nó deacrachtaí pearsanta, ní mórchúiseach as a ghairm a mhothaíonn sé ach mí-éifeachtach.

Ar Áis...
 
baile clar ticeadaí cló urrai
teagmháil