Ba dhoiligh do Shahanara riamh, cáilín Moslamach as Londain, déanamh de réir mianta a tuismitheoirí. Ach na laetha seo, bíonn sí ag caitheamh ‘saree’ in áit ‘hotpants’ bándearga, agus éiríonn sí as stócaigh le dul le bualadh lena fear céile ag an aerfort. Níor bhuail sí leis ach uair amháin roimhe seo, nuair a d’aontaigh sí don chleamhnas a rinne a teaghlach Bangladeiseach ar a son. Bhí sí ag iarraidh seanchonspóid idir í féin agus a hathair a réiteach, a dhíbir í ón teaghlach mar gheall ar a dóigheanna Iartharacha. Idir an dá linn, tá a deirfiúr Hushnara, atá ina Moslamach dúthrachtach á hullmhú dá pósadh féin, rud éigin, ag 19 bliain d’aois, nach mothaíonn sí a bhfuil sí réidh dó. De réir mar a bhíonn an lá mór ag druidim leo, cailleann daoine foighne agus éiríonn na hormóin níos treise