cairde ghuth gafa
bearlaGaelige
   
films
day by day
industry events
ardrang
guests
gailearaí

 

Fear na nOileán
Éire, 2006, 52 nóim
Stiúrthóir: Loic Jourdain
Am an Taispeántais:
12:45 i.n. Dé Domhnaigh (Óstán Loch Altan)

1980, leagtha i neamart ag an Rialtas agus ag an Eaglais, bhí todhchaí phobail oileánda na hÉireann go mór i ndáinséar. Ba é Oileán Thoraigh, Co. Dhún na nGall an chéad oileán eile a bhí ar bhéal a bheith tréigthe.
Ach tháinig cor i scéal Oileán Thoraigh nuair a ghlac an tAthair Ó Péicín, sagart Íosánach, post ar an oileán.
Thosaigh sé ag fiosrú scéal an oileáin agus fuair sé amach nach raibh muitir an oileáin ag iarraidh é a fhágáil….Insíonn an scannán seo scéal faoina ndearna an tAthair Íosánach leis an phobal a spreagadh chun troid ar son a gcirt fanacht ar an oileán, faoin chuidiú a thug sé dóibh a gcearta mar shaoránaigh Éireannacha a fháil, faoin dóigh ar úsáid sé na meáin chumarsáide lena bhfeachtas a chur os comhair an phobail agus faoin bhrú a chuir sé ar oifigigh i mBaile Átha Cliath, i Strasbourg agus sna Stáit Aontaithe éisteacht le cás an oileáin….Insíonn sé scéal faoin dóigh ar chuir sé ar chumas mhuintir an oileáin cinneadh a dhéanamh faoi cad é a bhí uaidh…fanacht ar Thoraigh agus a ndálaí maireachtála a fheabhsú…
Dhíbir Easpag Ráth Bhoth an tAthair Ó Péicín ó Thoraigh as siocair go raibh sé glórach agus i lár aird na meáin chumarsáide.
Sa lá atá inniu ann, ta pobal bisiúil ar Thoraigh agus d’fhill cuid de na hoileánaithe a d’imigh an t-oileán níos mó ná fiche bliain ó shin ar an áit ó shin.

Ar Áis...
 
baile clar ticeadaí cló urrai
teagmháil