cairde ghuth gafa
bearlaGaelige
   
films
day by day
industry events
ardrang
guests
gailearaí

 

Saol Úr in Albain
(I gcomhar le Pobal le Chéile)
Éire, 2006, 52 nóim
Stiúrthóir: Mal Marken
Am an Taispeántais:
10:00 r.n. Dé hAoine (Óstán Loch Altan)

An ghlúin deiridh de mhná Thír Chonaill a chuaigh go cathair thionscail Ghlaschú go mall sna 1940í, 50í agus 60í is ábhar don chlár faisnéise, ‘Saol Úr in Albain’. 50 bliain ar aghaidh ón iontas sóisialta seo, fiosraíonn an clár an dóigh ar mhúnlaigh an saothar imirceach saol na mban suntasach seo agus mhórphobal Thír Chonaill.
Ba rud é saol úr in Albain a mbíodh daoine óga ag dúil leis agus iad ag fás aníos i dTír Chonaill agus ag a lán acu, ba chéim riachtanach é le maireachtáil teaghlaigh a chinntiú i gcúlchríocha aimride Ghaeltachtaí thiarthuaidh na Rosann, Chloich Chionnaola agus Ghaoth Dobhair. Ní bhíodh de rogha ag fir agus mná óga Thír Chonaill san am ach aonach fostó Leitir Ceanainn nó an tSratha Báin, saothar imirceach in Albain nó an deoraíocht i Meiriceá.
Amharcann an clár faisnéise seo ar chomheispéireas chuid de na mná.
I ‘Saol Úr in Albain’, tugann Bridget McGee, Nan Smullen, Nancy Gallagher, Mary McGinley, Maighréad Bean Úí Ghallchóir, Rose McGeady, Margaret Coyle, Máire Rua Gallagher, Annie Greene agus Margaret O’Malley ar aistear cumhúil a mbeatha sinn. Le linn ré thionsclaíoch na 1940í agus 50í chuaigh na déagóirí mná seo as Tír Chonaill ‘anonn’ go Glaschú a chuartú oibre i seirbhís teaghlaigh, ar thramanna agus bhusanna Ghlaschú agus i monarchana. Eispéireas aonair gach scéal acu, ach le chéile athinsíonn siad fá ré chaite i stair Thír Chonaill agus an dara baile i nGlaschú.
Ceiliúrann ‘Saol Úr in Albain’ príomhonnmhaire Thí Chonaill mar a bhíodh - a muintir. Dar le Sheila Friel, fá neart agus acmhainn grinn na nÉireannach ar an choigríoch.”
Cuirfidh an ' Cumann Cairdeas' atá lonnaithe le Pobal le Chéile an taispeántas seo i láthair, agus tugadh cuireadh do na mná uile a bhí páirteach sa scannán freastal uirthi. Beidh sólaistí ann ina diaidh. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar 074 9180111.

Ar Áis...
 
baile clar ticeadaí cló urrai
teagmháil