Is scannánóir dífhostaithe é Shahar. Molann a athair, Sleiman, Éimineach dian de 82 bliain d’aois, gur cheart do Shahar scannán a dhéanamh faoi Bhriogáid na nGiúdach, ina ndearna sé seirbhís le linn an Dara Cogaidh Dhomhanda. Éiríonn Shahar díograiseach nuair a mhothaíonn sé go mb'fhéidir gur fhág a athair cuid "cuimhneachán" trí bheirt bhan Dhúitseacha a fhágáil torrach. Cinneann sé an scannán a dhéanamh agus súil aige clann a athar a aimsiú agus deireadh a chur le cuid d’ualach an lochtaithe óna athair, b’fhéidir.
Cuireann siad chun bóthair le chéile ar lorg Bhriogáid na nGiúdach, ag tosú in Iosrael, ag dul fríd an Iodáil, an Ghearmáin agus ag críochnú san Ollainn, ina dtagann siad ar fhionnachtain iontach. Nochtann an scannán le greann agus le hatrua an cumann casta athar-mic idir Sleiman agus Shahar, agus tarraingíonn sé ceisteanna agus smaointe comhchoitianta anuas faoin teannas idir miotais crógachta agus réadúlachta agus idir cuimhne agus fírinne na staire.