“The best American political documentary since 1993's The War Room”, a dúirt an Washington Post faoin scannán STREET FIGHT, scannán a fuair ainmniúchán do Oscar. Scéal spéisiúil is ea é faoin taobh dhorcha de dhaonlathas Mheiricea, ag cur i gcroinic an rása ghéir do Mhéara Newark N.J., idir Cory Booker, 32 bliain d'aois - Scolaire ó Rhodes/ Céimí Dlí de chuid Yale, agus Sharpe James curadh polaitíochta New Jersey le ceithre théarma anuas gan cur ina choinne.
Tá an choimhlint ar siúl i gceantair tithíochta agus i gcomharsanachtaí Newark, Booker in aghaidh inneall polaitiochta ar an tseanstíl -ag baint úsáide as cibé is gá a dhéanamh leis an chéile comhraic a chur faoi chois: céim síos d'oibrithe nach dtugann tacaíocht don mhéara, córais curtha i bhfeidhm in aghaidh lucht gnó nach bhfuil “dílis”, sceimhliú curtha i leith lucht feachtais agus dioscaí ar a bhfuil sonraí vótálaí á ngoid san oíche.
Nochtann an scannán ceisteanna tábhachtacha faoin daonlathas i Meiriceá, faoi chúrsaí cumhachta agus - trí chasadh iontach- faoin chine. Ba Afraiceánaigh - Meireacánaigh iad Brooker agus James ach nuair a deir James nach bhfuil Brooker fíor-dhubh mar go bhfuair sé oideachas leis an Ivy League, bíonn ar na vótálaithe machnamh ar cén bhrí ata le “cine” ina dtír. “Deir muid lenár gclann oideachas a fháil agus nuair a fhaigheann siad é deir muid go bhfuil siad bán”,a deir duine amháin as Newark. “Cén teachtaireacht a chuireann sin amach?”
Taispeánann STREET FIGHT stíl polaitiochta nach bhfeictear ach go hannamh, stíl nach bhfuil baint aici le claonbholscairí, speisialtóirí na meán agus deiseanna griangraif.
I Newark feicimid go mbuaitear nó go gcailltear toghcháin ar na sráideanna.
Is cuid dár scannáin Thoghchán '07 é seo. Beidh plé ann le Frank Connolly ina dhiaidh sin, duine de na hiriseoirí iniúchadh is mó cáil orthu in Éirinn, a chaithfidh barúil Éireannach ar théarma comhchoitianta.
I