Áirítear ar na scannáin a thaispeánfar ag an Fhéile i mbliana an scannán `China Blue', a bhfuil cuid mhór duaiseanna bainte amach aige, a léiríonn turas cumhachtach agus coscrach isteach sa domhan cruaidh d’oibrithe siopa allais. Is scannán an-mhothálach é `New Year's Baby', atá faoi thuras mná Cambódach–Meiriceánach agus a teaghlaigh ag iarraidh rúin an stair thragóideach faoi réim an Khmer Rouge a nochtadh.
Ar a bharr sin, taispeánfar an scannán Spáinneach, `The Railroad All-Stars', a insíonn scéal faoi thríúr striapach atá ina gcónaí i nGuatamala, a thagann le chéile le hoibrithe eile an ‘sex trade’ le foireann sacair a thosú. Beidh `Sugartown: The Bridegrooms' againn as an Ghréig, léargas searbh agus atá greannmhar go minic ar shráidbhaile Ghréagach lán d’fhir a théann ar thóir brídeach Rúiseach, agus ón Ríocht Aontaithe taispeánfaidh muid, `Every Good Marriage Begins with Tears', scannán an-ghreannmhar eile faoi na hiarrachtaí de theaghlach Briotanach–Bangladeiseach cleamhnas a dhéanamh dá n-iníonacha.
Chomh maith leis an rogha leathan de scannáin faisnéise idirnáisiúnta, taispeánfaidh Guth Gafa togha na scannáin Gaeilge a rinneadh in Éirinn le blianta beaga anuas.
Beidh na scannáin idirnáisiúnta ar fad a thaispeánfar ag Guth Gafa 2007 le feiceáil den chéad uair riamh in Éirinn agus glacfaidh na stiúrthóirí uile a bheas ag freastal ar an fhéile páirt i bhfóram plé i ndiaidh go dtaispeántar a gcuid saothair. Ba é seo ceann de bhuaicphointí na féile i 2006 mar go raibh seans ag scannánóirí ar cuairt agus ag an lucht féachana áitiúil ceisteanna a chur ar scannánóirí macasamhail Alan Berliner, a bhfuil gradam Emmy bainte amach aige trí huair, faoina chuid saothair.
Beidh Máistir-Rang de chuid ‘Screen Training Ireland’ ar siúl ag Guth Gafa 2007 fosta chomh maith le himeacht tionscail faoi dháileadh amharclainne agus féile idirnáisiúnta de scannáin. Cinnteofar teagascóirí agus cainteoirí do na himeachtaí seo go gairid.