Jeroen Berkvens Stiúrthóir: Jimmy Rosenberg - the Father, the Son and the Talent
Rinne Jeroen Berkvens (1968) staidéar ar feadh cúig bhliana in Acadamh na nEalaíon, Breda. Bhain sé a chéim amach in 1993 le Let Me Have It All, clár faisnéise ar nós bótharscannáin ar thóir an cheannródaí fhinscéalaigh in anamcheol, Sly Stone. Fuair an clár gradam ARTE fá choinne scannán Eorpach mhic léinn is fearr agus craoladh é i roinnt mhaith tíortha.
I measc na gclár faisnéise dá chuid tá A Skin Too Few – The Days of Nick Drake a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta air, scannán a “beautifully evokes the enduring appeal of English singer-songwriter Nick Drake” dar le Variety. Bhain sé an t-iliomad gradam agus ainmniúchán idirnáisiúnta amach agus rinneadh cur síos ar mar “a cinematic tone poem as much as a biography” ag an NY Times nuair a fuair sé eisiúint amharclannach sa SAM.
Seachas Mirror of Time, sraith ar an chlár faisnéise iar-Shóivéadach gan insint, stiúr Jeroen scannáin mar A Lawyer’s Story ina ndéanann dlíodóir athmhúnlú ar a shaol i ndiaidh ionsaí buama. Is é Jimmy Rosenberg - The Father, the Son & the Talent an chéad scannán eile atá ag Jeroen ag tabhairt sainléiriú ar scéalta daoine a bhfuil uallach an shárbhua nó an díograis orthu.
Bhain an scannán seo amach, ní hamháin an Grand Prix ar son Fadscannáin Faisnéise, ach Diopóma an Onóra ar son an Stiúrthóir Fótagrafaíochta Is Fearr leis ag Féile Scannán Krakow sa Pholainn. San Ísiltír bhuaigh sé ‘Golden Calf’ ar son an Fadscannáin Faisnéise Is Fearr, agus sna Stáit Aontaithe fuair an scannán Fadscannán Faisnéise Is Fearr ag Féile Scannáin Faisnéise Big Sky, Montana, le gradam an Scannán Is Fearr ag Féile Idirnáisiúnta Fifa du Films sur l’Art in Montréal, Ceanada ina dhiaidh sin.
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.