BearlaGaelige
teagmháilbaile
Nicky Gogan
Stiúrthóir/Producer/Editor: Seaview
Nicky Gogan
Bhí Nicky ar cheann de na chéad daoine a chuir déantús scannán digiteach chun cinn in Éirinn. Bhunaigh sí Féile Scannán Darklight in 1999, atá imithe ó neart go neart le naoi mbliana anuas. Le gairid sheol Nicky an chéad chainéal soghluaiste 3G le haghaidh gearrscannán agus beochan, Wildlight. Chonacthas obair Nicky mar choimeádaí ag Darklight, agus ina cuid oibre mar choimeádaí taispeántas ag an Digital Hub. Is iomaí togra idirlín is scannáin atá léirithe aici fosta le blianta beaga anuas le ainmnitheacha BAFTA Desperate Optimists (Christine Molly agus Joe Lawlor). Is bunaitheoir í ar DATA, an Dublin Art and Technology Association, grúpa forbartha bunaithe le teagmháil chruthaitheach idir scannánaíocht, ealaín agus teicneolaíocht a spreagadh. I measc na ngradam bhí sí sa bhabhta ceannais fá choinne 'Duine Ilmheán na Bliana', Gradaim Meán Digiteach 2003, 2004 agus buaiteoir 'Gradam Nuálaíochta' Gradaim Irish Internet Association Net Visionary 2003. Ainmníodh Cainéal Wildlight mar an Chainéal Soghluaite Is Fearr ag na Gradaim Teilifíse Soghluaite ag Mipcom i gCannes mí Dheireadh Fómhair seo caite. Is é Seaview a chéad fadscannán mar stiúrthóir.
Aíonna
Films
scannáin
Films
imeachtaí
Films
aíonna
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.