Ó 1983 tá Jerzy Sladkowski ag obair le Teilifís na Sualainne, Institiúid Scannán na Sualainne, stáisiúin Fhionlannacha, Dhanmhargacha, Ioruacha chomh maith le Teilifís na Polainne. Ó 1993 comhoibríonn sé le ZDF agus ARTE. Ó d'fhág sé an Pholainn tá níos mó ná 40 scannán stiúrtha agus léirithe aige, cláir faisnéise don chuid is mó, ó na háiteanna is iargúlta dá bhfuil sa domhan. Is é an cine daonna atá mar phríomhábhar a shuime i gcónaí. Daoine ag tabhairt aghaidhe ar athruithe as cuimse, ag troid chun maireachtála chomh maith le daoine díreach ag iarraidh saol maith a chaitheamh i dtimpeallacht atá de shíor ag éirí níos crua - iad siúd atá mar laochra coiteann i scannáin Jerzy Sladhowski.
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.