Cruthaíodh Guth Gafa Teoranta sa bhliain 2006 le forbairt na Féile Idirnáisiúnta Scannáin Faisnéise Guth Gafa, atá lonnaithe i nGort a' Choirce i nGaeltacht Thír Chonaill, a chur i bhfeidhm. Reáchtáladh an chéad fhéile i mí na Bealtaine 2006 fá scáth an chomhlachta léirithe áitiúil, Soilsiú Films Teo. Ó 2007 i leith braitheadh go mbeadh aidhmeanna na féile curtha i gcrích ar bhealach níos éifeachtaí dá gcruthófaí comhlacht neamhspleách le cuntais dá chuid féin. Ceapadh bainisteoir lán-aimseartha chun na himeachtaí go léir atá bainteach leis an fhéile a chomhordú - cruinniú airgid, poiblíocht, agus comhpháirtíocht an phobail áitiúil san áireamh. Faoi láthair tá seachtar stiúrthóirí agus coiste bainistíochta ag an chomhlacht.
Is iad na haidhmeanna agus na spriocanna atá ag an fhéile ná scannáin faisnéise ar ardchaighdeán idirnáisiúnta a thabhairt chuig Gaeltacht Thír Chonaill, cinn Gaeilge san áireamh; úsáid na teanga a chur chun cinn sa tionscal scannáin trí fhéile a fhorbairt a fheidhmíonn as Gaeilge agus atá bunaithe sa Ghaeltacht; stiúrthóirí a bhfuil clú agus cáil idirnáisiúnta orthu a mhealladh chun na hÉireann agus iad a chur in aithne do lucht féachana náisiúnta is logánta; cur leis an gheilleagar áitiúil fríd líon suntasach cuairteoirí idirnáisiúnta a tharraingt chun na háite agus lucht féachana mór náisiúnta a thabhairt chuig imeachtaí na féile; forbairt dea-chleachtas idirnáisiúnta i ndéantús scannán faisnéise a spreagadh fríd fhóram le haghaidh taispeántais, díospóireachta agus ceardlanna; béim a leagan ar lucht féachana áirithe ó ghrúpaí pobail áitiúil, scoileanna, institiúidí tríú leibhéal, léiritheoirí, stiúrthóirí, craoltóirí agus dáilitheoirí, agus iad a thabhairt le cheile i ndlúthshuíomh Ghaeltacht Thír Chonaill.
History of the Festival
As the vast majority of content arrives with us in English, and must then be translated,
the Irish section of the website is still under construction. We aim to have the entire site available in both languages in the coming days.
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.