Tá Gort a' Choirce lonnaithe in iar-thuaisceart Thír Chonaill ar shlí N56, thart fá 40 ciliméadar ó Leitir Ceanainn. Is féidr teacht ar an áit go furast sa charr, eitleán nó bus.
Eitleán:
Bíonn dhá eitilt sa lá ó Aerfort Dhún na nGall, suite tiomáint 20 bomaite ó Ghort a' Choirce, go dtí/ó Baile Átha Cliath, agus trí uair sa tseachtain go dtí/ó Prestwick Glaschú.
Sa Charr:
Ó Leitir Ceanainn, lean an N56 trí na bailte seo a leanas: Cill Mhic Réanáin > An Craoslach > Dún Fionnachaidh > Fál Carrach. Is é Gort a' Choirce an chéad sráidbhaile i ndiaidh an Fháil Charraigh.
Ar an bhus:
Tá roinnt oibritheoirí príobháideacha a ritheann seirbhísí rialta trí Ghort a' Choirce. Ina measc tá John McGinley (BÁC - Dún na nGall), Feda O'Donnell (Gaillimh - Dún na nGall) agus Patrick Gallagher (Béal Feirste - Dún na nGall). Is féidir teacht a fhad linn ó limistéir eile sa tír má ghlacann tú Bus Éireann chuig Leitir Ceanainn agus ceann de na seirbhísí thuasluaite a fhail ar aghaidh go Gort a' Choirce. |
 |