BearlaGaelige
teagmháilbaile
Déantús Scannán Gníomhaí – cruthú agus dáileadh scannán gan buiséad
Tugann an seimineár fóram do déantóirí-gníomhaithe scannán plé a dhéanamh ar na modhanna a mbaineann siad úsáid astu chun scannáin atá cruthaithe gan buiséad a léiriú is a scaipeadh.  Déanfar plé ar scannáin bainteach le dhá fheachtas polaitiúil leanúnach: ‘Those Who Dance’, cuntas ar an aighneas leanúnach i Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo, le Camilla Cancantata i láthair, agus ‘Tara Saga’, togra leanúnach faisnéise ag déileáil leis an fheachtas reatha chun suíomh ársa na Teamhrach a chaomhnú in aghaidh tógáil an M3 i gContae na Mí.  Thionscnaigh Mark Cantwell an togra seo, agus beidh sé i láthair ag an seimineár.  Is iad Amanda Slevin, ionadaí MAOR; brúghrúpa ar son acmhainní nádúrtha agus ceisteanna timpeallacht bunaithe i nDún na nGall, agus Sharon O Farrell, baill d’fheachtas Save Tara, na haíonna eile a bheas i láthair don seimineár.

Insíonn ‘Those Who Dance’ scéal pobail bhig in iarthar na hÉireann agus a seasamh i gcoinne beartaíocht Shell le píblíne ard-bhrú agus teirmineál próiseála a thógáil ar a gcuid talún.  Cuireann sé an staid seo acu i gcomparáid le cás mhuintir Ogoni ar Delta na Nígire, áit ar éag Ken Saro-Wiwa agus na mílte eile mar gheall ar a seasamh neamhfhoréigneach in aghaidh gníomhaíochtaí Shell.  Tugann an clár dúshlán don lucht féachána machnamh a dhéanamh ar impleachtaí domhanda an tionscail peitriléim agus fírinne dhosheachanta athraithe aeráide.  Agus ár spleáchas ar bhreoslaí á cheistiú aige, is dúshlán paiseanta é teacht i dtír ar an fhuinneamh inchothaithe.

Cumadóir agus seiftitheoir le cúlra san amharclann is san cheol is ea Camilla Cancantata.  Mar chomhbhunaitheoir Footloose Community Arts, réitíonn sí ceardlanna i bpobail logánta, ar théamaí timpeallachta go minic.  I measc a cuid cumadóireachtaí tá ceoldráma ‘garbh’: ‘Soya Susie and the Gene Dictators’, agus ‘Trident, a British War Crime’ oratorio fá choinne glóracha gan tionlacan.  Chum Camilla an ceol le haghaidh ‘Those Who Dance’.  Tá an scannán stiúrtha ag Mayyasa Al-Malazi atá i mbun dhéantús chláracha faisnéise le 13 bliana anuas.  Tá dúthracht láidir aici le ceisteanna feimineacha, coir shóisialta, an timpeallacht agus ceisteanna pobail.  Tá a cuid saothar taispeánaithe ar Independent Television sa Bhreatain, Channel 4 News agus teilifís seirbhíse poiblí sna Stáit Aontaithe.

www.shelltosea.com (lean na nascanna chuig Those Who Dance)
www.corribsos.com 

Mobilise Act Overcome Reclaim Is grúpa daoine bunaithe san iar-thuaisceart é MAOR (an focal Gaeilge fá choinne ‘cosantóir’ nó ‘stíobhard’) a tháinig le chéile sa bhliain 2006 i gcomhghuaillíocht leis an fheachtas Shell to Sea agus mar gheall ar cheisteanna ag baint le taiscéalaíocht gáis agus ola amuigh ó chósta Dhún na nGall a thosaigh i mí Márta 2008.  Is í atá mar aidhm ag MAOR ná feasacht a ardú agus díospóireacht a ghineadh i leith úinéireacht is baintistíocht acmhainní nádúrtha na hÉireann.  Is gníomhachaí pobail ó oirthear Dhún na nGall agus chomhbhunaitheoir MAOR í Amanda Slevin.

www.maorderry.blogspot.com

Is é Tara Saga teideal oibre thogra faisnéise fá dtaobh de shuíomh ársa na Teamhrach i gContae na Mí, Éire.  Gineadh an tionscnamh mar gheall ar fhorbairt chunspóideach mótarbhealaí fríd an tírdhreach stairiúil seo agus is é rún chruthaitheoir/comhordaitheoir Tara Saga, Mark Cantwell, go bhfeidhmeoidh an suíomh idirlín mar thaiscumar do bhailiú agus do chruinniú bhunphíosaí scannán a bheas mar bhonn do shraith faisnéise ar deireadh thiar.  Eisítear formhór na bhfíseán le ceadúnas Comhchearta Cruthaitheacha a chuireann ar chumas éinne iad a roinnt agus saothar úr a chumadh astu.  Cuirtear fáilte roimh fhocail tráchta fosta, agus tá sé an-soiléir go mbíonn fáilte roimh inchur uathu siúd atá ar son agus in aghaidh forbairt an mhótarbhealaí.

www.itison.tv
www.itison.net 

Bhí Sharon O Farrell mar rúnaí ag an fheachtas chun Gleann na Teamhrach agus an Skryne a shábháil go dtí cúpla bliain ó shin, agus tá sí fós páirteach san fheachtas.  Ó aois óg di, bhí spéise ar leith aici i ndúchas agus cultúr, agus sa dóigh a mhúnlaigh luath-stair na hÉireann cruth na tíre sa lá atá inniu ann.  Mar dhúchasach na hUaimhe, bhí Teamhair ina tírdhreach aithnidiúil thar na blianta ba fríd an nasc seo a tháinig an bhaint seo aici leis an fheachtas chun an chuid den mhótarbhealach atá le dul fríd Ghleann na Teamhrach a chur ar shlí eile.  Fá láthair tá Sharon ina sícipteiripeoir agus ealaíontóir mórthimpeall na hUaimhe.
Imeachtaí
Films
scannáin
Films
imeachtaí
Films
aíonna
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.