Cláir Faisnéise Ealaíona agus Ceoil Thar an Lárshrutha
Ó 'Documenting the Arts' agus 'Arts Lives' ar an teilifís go fadscannáin chruthaitheacha ealaíon nó ceoil le mealltacht idirnáisiúnta.
Réasúnaíocht
Bhí ionadaíocht mhaith i gcónaí ag seánra an chláir faisnéise ealaíona is ceoil ar an teilifís. In Éirinn tá sainscéimeanna maoinithe fá choinne portráidí ealaíon, mar Documenting the Arts (An Chomhairle Ealaíon) agus Arts Lives (RTÉ) agus Splanc (TG4), agus is léir go bhfuil suim nó éileamh ann do thograí mar seo. Ach is seoid annamh é an fadscannán faisnéise i seánra na n-ealaíon agus an cheoil a théann thar an ghnáth- “phortráid an ealaíontóra”. Bhí páirt lárnach ag déantóirí scannán Éireannacha ag tarraingt ar a ndúchas saibhir cultúrtha sa sheánra le comhlachtaí agus stiúrthóirí indibhidiúla ag léiriú scannán cumhachtach le mianach idirnáisiúnta. Tá an ghlúin úr de dhéantóirí scannán óga Éireannacha, ag baint céimeanna amach ón iliomad cúrsaí meán ar fud na tíre, ag roghnú níos mó is níos mó chun scannáin a dhéanamh ar an cheol nó na healaíona agus iad ag iarraidh go mbainfeadh lucht féachana idirnáisiúnta taitneamh astu. Mar chuid dár chlár Éireannach ag Guth Gafa i mbliana tá muid ag taispeáint dhá phortráid ar scríbhneoirí Éireannacha (Patrick McCabe agus Padraic Ó Conaire), agus trí ghearrphíosaí scannáin atá mar léiriú radharcach ar thrí fhile Éireannach ('The Wren's Next'). Ar an taobh idirnáisiúnta tá muid ag cur scannáin phearsanta fá iníon atá ag iarraidh a hathair seanchaillte a bhí ina phéintéir a thuiscint ar an scáileán. Agus ar ndóigh, “Jimmy Rosenberg-The Father, the Son and the Talent”.
Glacfaidh an Máistir-Rang foirm cás-staidéir le Jeroen Berkvens ar an dá scannán is mó le rá dá chuid agus leanfaidh sé ar aghaidh le plé a dhéanamh ar cheisteanna níos leithne agus na dúshláin a gcaithfidh stiúrthóirí aghaidh a thabhairt orthu agus iad i mbun scannáin ar ealaíontóir/ceoltóir: rudaí teibí ar nós samhlaíocht, agus cruthaitheacht, a ghabhadh, conas a saothair a roghnú is a thaispeáint, agus eithne a n-ealaíne á léiriú ag an am céanna, cén dóigh chun idirdhealú a dhéanamh idir an duine agus an pearsantacht phoiblí, conas dlúththuiscint a fhorbairt ar an dá rud, cén tslí ceisteanna pearsanta a scagadh, agus cén dóigh a bhfuil siad siúd mar inspioráid dá shaothair; na difríochtaí idir scannán fá dhuine marbh agus duine beo, agus na deacrachtaí agus na dúshláin sa dá chás. Cén dóigh radharc nó cur chuige áirithe a aimsiú, nó sainfhís nó guth pearsanta a chur chun cinn.
Próifíl Rannpháirtí
Is é an próifíl idéalach rannpháirtí don Mháistir-Rang seo ná stiúrthóirí faisnéise Éireannacha a bhfuil suim acu, nó a speisialaíonn i scannáin fá ealaíontóirí, ceoltóirí, scríbhneoirí, srl., agus a bhfuair tairbhe áirithe lena gcuid scannán le craoltóirí Éireannacha agus ar chúrsa na bhféilte Éireannacha, ach a bhfuil spéis acu anois a scannáin a chur in oiriúint do lucht féachana idirnáisiúnta. Ba cheart go mbeadh ar a laghad aon scannán amháin déanta acu a taispeánadh ar RTÉ nó TG4 le trí bhliana anuas, nó a taispeánadh ag féile Éireannach, agus ba cheart go mbeadh ar a laghad togra amháin acu atá i staid mhall forbartha, .i. scannán gur féidir leo a phlé sa Mháistir-Rang. Próifíl an Oide (beathaisnéis iomlán thíos)
Is é an déantóir scannán atá ag tabhairt an Mháistir-Ranga ná stiúrthóir faisnéise Ollannach Jeroen Berkvens. Is iomaí clár faisnéise léirithe ag Jeroen, trí scannán portráid ealaíon a bhfuil rath agus clú idirnáisiúnta orthu ina measc, chomh maith leis an iliomad gradam a shaothrú ar an bhealach. Tá taithí chuimsitheach aige ag teagasc ag Acadamh Scannán na Ísiltíre, agus tá Béarla ar a thoil aige. Thaispeáin Jeroen bua agus sainiúlacht stile agus é ag léiriú ceoltóirí ar nós Nick Drake, Jimmy Rosenberg agus Sly Stone. Achoimre fá choinne Dhá Scannán Cás-Staidéir
A Skin Too Few - The Days of Nick Drake (Am taispeána le cinntiú) "I always said that Nick was born with a skin too few", a deir aisteoir Gabrielle faoina deartháir, an t-amhránaí-cheolscríbhneoir Sasanach Nick Drake (1948-1974). Taobhaíonn an scannán faisnéise seo na tírdhreacha tostacha, áiteanna, daoine agus ceol i saol an aonaráin neamhghnáthaigh seo.
Tá Nick Drake ar cheann de na pearsana is tragóidí rómánsúil i stair an rac-cheoil. Fuair sé bás ag aois a 26: aois a bheadh i bhfad ró-óg don saol le talann a fhorbairt, nó aisling a réadú. Ghlac sé fiche bliain ina dhiaidh sin sula bhfuair a cheol aitheantas ceart.
Maidin Fómhair in 1974 ní raibh tuismitheoirí Nick ábalta é a mhúscailt. D'éag Nick Drake go ciúin agus chun an lá seo ní léir an raibh lámh ina bhás féin aige. Níor cuireadh suntas ina thrí albam go dtí dhá dheichniúr níos moille. San aimsir seo tá a chuid ceoil níos cáiliúla ná mar a bhí riamh agus é le cloisteáil i léiriúcháin mórscannán agus fógraí teilifíse.
Tá an rath mall seo ina chúis iontais is tragóide, ag cur saol cráite Nick Drake san áireamh. Seachas don scoil agus don ollscoil (Cambridge) ba bheag gur fhág sé baile a dtuismitheoirí. Ba í a íogaireacht bunús a thalainne ach ag an am céanna chinntigh sé nach raibh sé in ann aghaidh a thabhairt ar lucht féachana. Agus é gafa san fháinne fí seo d'éirigh sé searbhánta mar gheall ar a easpa torthúlachta agus diaidh ar ndiaidh d'aonraigh sé sé féin.
Jimmy Rosenberg - the Father, the Son and the Talent (Taispeántas: Dé Sathairn 17, 9:00 i.n.) Scéal drámatúil an ghiotáraí giofóg Jimmy Rosenberg. Nuair nach raibh sé ach 12 bliana d'aois bhíothas ag súil go nglacfadh Jimmy oidhreacht an ghiotáraí iomráitigh Django Reinhardt. Go luath ina dhiaidh sheinn sé taobh le ceoltóirí mór le rá. Mar dhéagóir, bhain sé stáitse idirnáisiúnta amach ach nuair a shínigh sé conradh le Sony Classics thosaigh cúrsaí ag dul in olcas.
Ag aois a 26, níl aon bhaile buan ag Jimmy. Formhór an ama bíonn sé ina chónaí lena mháthair agus a bheirt dheartháir ar fheirm iargúlta. Idir an dá linn tá a andúil i ndrugaí tar éis a shaol a scrios. Ní fhaca sé a thriúr páistí le blianta. Tá a athair ar tí bheith scaoilte saor i ndiaidh ocht mbliana a chaitheamh i bpríosún agus é go mór ag iarraidh cuidiú a thabhairt dá mhac. An n-éireoidh le Jimmy, áfach, athsheilbh a ghlacadh ar an teideal ar tugadh air agus é ina pháiste? In ainneoin a nósanna millteacha maireachtála níor tháinig ach fás ar a chumas chun an giotár a sheinnt go beacht cruinn ag luas lasrach. Ach an leor an bua sin chun é a tharraingt ar ais óna sheanshaol? Jeroen Berkvens: BIOGRAPHY/FILMOGRAPHY
Rinne Jeroen Berkvens (1968) staidéar ar feadh cúig bhliana in Acadamh na nEalaíon, Breda. Bhain sé a chéim amach in 1993 le Let Me Have It All, clár faisnéise ar nós bótharscannáin ar thóir an cheannródaí fhinscéalaigh in anamcheol, Sly Stone. Fuair an clár gradam ARTE fá choinne scannán Eorpach mhic léinn is fearr agus craoladh é i roinnt mhaith tíortha. I measc na gclár faisnéise dá chuid tá A Skin Too Few – The Days of Nick Drake a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta air, scannán a “beautifully evokes the enduring appeal of English singer-songwriter Nick Drake” dar le Variety. Bhain sé an t-iliomad gradam agus ainmniúchán idirnáisiúnta amach agus rinneadh cur síos ar mar “a cinematic tone poem as much as a biography” ag an NY Times nuair a fuair sé eisiúint amharclannach sa SAM.
Seachas Mirror of Time, sraith ar an chlár faisnéise iar-Shóivéadach gan insint, stiúr Jeroen scannáin mar A Lawyer’s Story ina ndéanann dlíodóir athmhúnlú ar a shaol i ndiaidh ionsaí buama. Is é Jimmy Rosenberg - The Father, the Son & the Talent an chéad scannán eile atá ag Jeroen ag tabhairt sainléiriú ar scéalta daoine a bhfuil uallach an shárbhua nó an díograis orthu.
Bhain an scannán seo amach, ní hamháin an Grand Prix ar son Fadscannáin Faisnéise, ach Diopóma an Onóra ar son an Stiúrthóir Fótagrafaíochta Is Fearr leis ag Féile Scannán Krakow sa Pholainn. San Ísiltír bhuaigh sé ‘Golden Calf’ ar son an Fadscannáin Faisnéise Is Fearr, agus sna Stáit Aontaithe fuair an scannán Fadscannán Faisnéise Is Fearr ag Féile Scannáin Faisnéise Big Sky, Montana, le gradam an Scannán Is Fearr ag Féile Idirnáisiúnta Fifa du Films sur l’Art in Montréal, Ceanada ina dhiaidh sin.
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.