BearlaGaelige
teagmháilbaile
Déantús Scannán ar son Athraithe Shóisialta
Díospóireacht painéil ar ról dhéantús scannán faisnéise mar uirlis le haghaidh athruithe sóisialta is poláitiúla, ag díriú ar ról an gníomhachaí nó déantóir scannáin ar son cearta daonna.  Tabharfaidh an seimineár seo aghaidh ar na deacrachtaí praicticiúla i ndéantús scannán ina n-íobraítear na luachanna léiriúcháin agus stíle go minic ar mhaithe leis an bhunsprioc, léiriú a thabhairt ar choimhlintí i gcoinne na éagóra agus iarrachtaí athruithe a chur i bhfeidhm.  Déanfaidh muid plé fosta ar cén dóigh ar féidir le heiticí agus aeistéiticí a chomhshamlú lena chéile agus déantóirí scannáin ag structhúrú a n-insinte agus ag cur eagair ar a scannáin mar shaothair ealaíne, ag ardú ceisteanna cosúil le húdarthacht, toiliú, moráltacht agus freagracht shóisialta.

Sa phainéal don seimineár áirithe seo beidh:

Hugh Purcell, Ceann Staidéar, EsoDoc
Louise Hogarth, stiúrthóir Angels in The Dust ó na Stáit Aontaithe
Jim Gilliam, léiritheoir le Robert Greenwald Pictures agus Brave New Films
Matthea de Jong, Movies That Matter

Aoi-Phróifílí

Hugh Purcell
Is é Hugh Purcell Ceann Staidéar ag ESoDoc - European Social Documentary, tionscnamh oiliúna de chuid EU Media Plus a spreagann déantóirí scannán faisnéise chun oibre i réimsí na gcearta daonna, cóir shóisialta agus cosaint na timpeallachta, sa domhan forbartha ach go háirithe.

Louise Hogarth - déantóir scannán agus gradambhuaiteoir
Tá Louise Hogarth ina bunaitheoir agus uachtarán ar Dream Out Loud Films, comhlacht neamhspleách neamhbhrabúsach léirithe teilifíse is scannán lonnaithe i Los Angeles a speisialaíonn i bhfíorscéalta fá dhaoine agus imeachtaí ag díriú ar cheisteanna sóisialta agus cearta daonna.  Stiúr agus léirigh Louise an clár faisnéise The Gift a bhfuil gradaim buaite aige agus a bhfuair a chéad taispeáint ag Féile Scannán Berlin in 2003 agus a bhí ar an scáileán ag breis is 140 féilte scannán ó shin i leith.  Tá sé á thaispeáint go fóill ar fud an domhain agus mar chuid de chláracha oideachais VEID/SEIF.  Bhí Hogarth ina comhléiritheoir ar The Panama Deception chomh maith, a bhuaigh Gradam Acadaimh ar son Fadscannán Faisnéise is Fearr in 1994.

Imeachtaí
Films
scannáin
Films
imeachtaí
Films
aíonna
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.