Do Scannáin Os Comhair na nDaoine – Todhchaí an Dáileacháin
Comhrá painéil, le díospóireacht lucht féachana, ar réimse leathan na múnlaí dáileacháin ar fáil do dhéantóirí scannán faisnéise sa lá atá inniu ann. Clúdóidh an comhrá an réimse go léir ó múnlaí dáileacháin chlaissicigh (gníomhairí díolacháin agus dáilitheoirí) go múnlaí féin-dáileacháin (dáileadh saor in aisce ar line), ach leagfar an bhéim ar na múnlaí athracha, nuair a mbíonn cumhacht dáileacháin agus seilbh cearta go minic ag na déantóirí scannáin. Sa chomhthéacs athrach seo idir na gníomhairí agus saor-dáileachán tá pobaldáileadh (Brave New Films m.sh.), líonraí parailéil dáileacháin (CinemaNet Europe m.sh.), físcannán-de-réir-éilimh agus sruthú (Universcine m.sh.).
Sa phainéal don seimineár áirithe seo beidh:
Jan Röfekamp, dáilitheoir scannán le Films Transit in Toronto
Danielle Di Giacomo, stiúrthóir éadála clár faisnéise le IndiePix in New York
Jim Gilliam, léiritheoir le Robert Greenwald Pictures agus Brave New Films
Arto Halonen,stiúrthóir Shadow of The Holy Book ón Fhionlainn
C. Cay Wesnigk, Chairman of the Board, OnlineFilm AG, Germany.
Aoi-phróifílí:
Jan Röfekamp
Is uachtarán agus úinéir Films Transit International é Jan Röfekamp, ceann de ghníomhaireachtaí díolacháin clár faisnéise is sine, is mó cáil agus is mó meas le hoifigí in Montreal, Amsterdam Nua-Eabhrac.
Dáileann siad fadscannáin faisnéise ‘ardpróifíle’ ar nós: The Corporation, Metallica: Some Kind of Monster, War Photographer, Crumb, Molly and Mobarak, Family, Lost in la Mancha, Searching for the Wrong Eyed Jesus, Paragraph 175 agus tuilleadh lena gcois.
I ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar léiriú scannáin ag Acadamh Scannáin na hÍsiltíre ó 1968-1972, combhunaigh is comhoibrigh Jan Röfekamp an comhlacht dáileacháin scannán Fugitive Cinema Holland ó 1972 go dtí 1982. Bhunaigh sé Films Transit International 25 bliana ó shin. Is iomaí scannán dá gcuid a roghnaítear do na féilte mór scannán cosúil le IDFA, Sundance, Berlin agus Toronto agus a bhaineann gradaim mór le rá.
Bhí sé ina léiritheoir agus ina léiritheoir feidhmeannach ar cúpla duisín scannán le linn a gharime, agus ghlac sé páirt i líon mór seimineár agus painéal.
Danielle di Giacomo
Sa ról seo aici shínigh sí scannáin ar nós Cocaine Angel, Johnny Berlin, Hole Story, City Unplugged, Sentenced Home, Red Without Blue. Bhí DiGiacomo ina Léiritheoir Cúnta ar an chlár faisnéise Billy The Kid (Buaiteoir Ghradam Grand Jury, South by Southwest, 2007). Rinne sé cláir do shraitheanna scannán i gcomhpháirt le Féile Scannán Woodstock, Sraith Cineama Neamhspleách Brooklyn, agus an Culture Project.
Faoi láthair tá sí ag cur críche lena chéad fadscannán faisnéise, Island to Island: Returning Home from Rikers, agus i mbun comhléirithe ar an scannán insinte, The Promiscuous Materials Project.
Bíonn Danielle ina hionadaí do Indiepix ag breis is fiche féile scannán in aghaidh na bliana, Cannes, Sundance, South by Southwest, IFF Boston, Full Frame, The Hamptons, agus Woodstock ina measc.
Lena chois sin rinne Danielle cur i láthair ar phainéil fá dtaobh de dháileachán scannán ag Féile Scannán Woodstock, Féile Scannán Newport, Hunter College, Ruff Cutz, IFF Boston, agus NewFest. Tá páipéir acadúla curtha i láthair aici fosta ag comhdhálacha ag Ollscoil Stát Florida, the New School, agus Coláiste Connecticut Láir.
Jim Gilliam
Iar-fheidhmeannach dot com anois ina ghníomhachaí-déantóir scannán. Tar éis 9/11 d’éirigh Gilliam as a phost mar príomhfheidhmeannach teicneolaíochta ar ghnólacht chlúiteach nua-thionscanta Business.com agus thug sé a chuid ama do cheisteanna níos cinnúnaí. Fríd MoveOn.org, in 2003, bhuail sé leis an seandéantóir scannán Robert Greenwald chun taighde comhléiriú a dhéanamh ar an chlár faisnéise úrnua Uncovered: The War on Iraq fán eolas lochtach a threoir na Stáit Aontaithe i dtreo cogaidh. Ag tabhairt le chéile réimsí na scannán, na polaitíochta agus an idirlín, sainmhíniú úr ab ea “Uncovered” ar ghlúin úr scannán – an pobalscannán polaitiúil faisnéise. Ina dhiaidh sin rinne Gilliam comhléiriú ar an chéad scannán eile de chuid Greenwald, Outfoxed: Rupert Murdoch's War on Journalism, léargas úrnua ar na teicnící bolscaireachta in úsáid ag FOX News. Léirigh sé Wal-Mart: The High Cost of Low Price agus Iraq for Sale: The War Profiteers chomh maith. Is cruthaitheoir Brave New Theaters é leis.
Arto Halonen
Tá a lán scannán stiúrtha ag Arto Halonen, na scannáin faisnéise Pavlov's Dogs, Conquistadors of Cuba, The Tank Man, The Star's Caravan, A Dreamer And The Dreamtribe agus Karmapa – Two Ways of Divinity san áireamh. In 2005 bhronn an tAire Cultúir san Fhionlainn Duais na Fionlainne ar, an duais bhliantúil is airde sna healaíona a thugtar ag an Aire Cultúir agus an stat. I measc duaiseanna tábhachtacha eile, fuair sé Gradam Daonúil an Aontais Eorpaigh in 1998. Is é Halonen bunaitheoir agus an chéad stiúrthóir féile ar an DocPoint – Helsinki Féile Scannáin Faisnéise.
C. Cay Wesnigk
Cathaoirleach OnlineFilm AG, clár dáileacháin ar son dáileacháin neamhchostasaigh agus margaíochta scannán Gearmáineach agus Eorpach fríd an idirlíon san Eoraip agus ar fud an domhain. Údar, stiúrthóir agus léiritheoir an iliomad scannán, fógraí is clár faisnéise; faighteoir Grimme-Preis 2005 mar gheall ar “Hitler’s Hitparade”, stiúrthóir comhlach an Arbeitsgemeinschaft Dokumentarfilm (AG DOK); an comhaontas léiritheoirí neamhspleáchacha scannán is mó dá bhfuil sa Ghearmáin, baill de bhord riaracháin VG Bild-Kunst; cumann déantóirí scannán agus léiritheoirí neamhspleáchacha scannán, speisialtóir ar son Grúpa Comhairle Teicniúla MEDIA Plus do Chlár Tograí Píolótacha MEDIA.
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.