Déanfar Féile Scannáin Faisnéise Guth Gafa 2008 a oscailt go hoifigiúil ar Déardaoin 15 Bealtaine ag Colm O'Gorman, stiúrthóir feidhmiúcháin Amnesty Ireland. Ag labhairt fosta ar an oíche ar son ár bpríomhurraitheora Údarás na Gaeltachta beidh an Seanádóir Briain Ó Domhnaill.
Is é an Scannán Oscailte fá choinne Guth Gafa 2008 ná 'This Way Up' le Georgy Lazarevski, agus beidh an stiúrthóir i láthair don oscailt. Tá This Way Up ar cheann de na sé scannán ónár gclár 2008 atá á dtaispeáint againn le tacaíocht Amnesty.
Beidh fáiltiú gairid i bhforhalla Óstán Loch Altan roimh an Scannán Oscailte, ag tosnú ag a 7.30 i.n., agus ceol traidisiúnta ina dhiaidh sa bheár.
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.