I mbliana tá séasúr speisialta scannán Polannach agus sraith imeachtaí á reáchtáil ag Guth Gafa. Ar Dé Sathairn 17 Bealtaine taispeánfar trí scannán Polannach agus scannán Sualannach le stiúrthóir ón Pholainn. Is iad na scannáin Pholannacha ná Corpus Christi, stiúrtha ag Adam Sikora, léargas ar shaoltaithí pobail Pholannaigh in Silesia agus iad ag streachailt leis an saol, Nothing to be Scared Of, stiúrtha ag Malgorzata Szumowska, amharc grin ar dheasghnátha, custaim agus tuairimí na ndaoine i sráidbhaile beag Polannach i réigiún Mazuria i leith an bháis, agus The Clinic, stiúrtha ag Tomasz Wolski, ag breathnú i ndiaidh meascán ilghnéitheach carachtar in ospidéal Krakow. Is é an scannán Sualannach ná Paradise, le stiúrthóir Polannach Jerzy Sladkowski, clár faisnéise rómánsúil fá chúpla pósta le seasca bliain a bheartaíonn ar pháipéar balla a chur ar a dteachín le chéile. Dar le seanfhocal ó oirthear na Sualainne, 'A marriage that survives wallpapering can survive anything'. Mar chuid den séasúr beidh fáiltiú speisialta Polannach le cuid de na stiúrthóirí, le bia, deoch agus ceol Polannach ann.
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.