BearlaGaelige
teagmháilbaile
Postcards to the Edge
A postcard is a small, commercially printed card, usually having a picture on one side and spacefor a short message on the other. In the art world, the postcard can also be translated into an artobject. The art form is called mail art. The term mail art can refer to an individual message, the medium through which it is sent, and an artistic genre. Mail art is also known as postal art.
Wikipedia

Postcards to the Edge

Thug Guth Gafa cuireadh do roinnt ealaíontóirí radharcacha agus déantóirí scannán le comhoibriú linn ar 'Cártaí Poist don Imeall' - togra fís-ealaíne dár bhféile 2008. Is daoine a d'fhreastail ar an chéad dhá bhliain de Ghuth Gafa iad na healaíontóirí seo, agus iarradh orthu cárta poist aon bhomaite amháin a chruthú, déanta as ábhar ar bith, ag insint scéil ar bith, ag úsáid íomhánna gluaiseacha, íomhánna socra, téacs nó fuaimeanna - bainte óna n-ábhair thaifeadta féin, ábhair fhaighte nó cartlann gan chóipcheart.

Insealbhú fís-ealaíne a bheas in 'Cártaí Poist don Imeall' a gcuirfear ar siúl in ionaid roghnaithe le linn Guth Gafa 2008. Beidh sé mar chuid de chur i láthair idirlín, agus taispeánfar roghnúchán de na 'cártaí poist' roimh ár bpríomhscannáin faisnéise. Is é an bunsmaoineamh laistiar de 'Chártaí Poist don Imeall' ná ár gcairde atá ina n-ealaíontóirí fís-ealaíne agus ina ndéantóirí scannán píosaí físeáin gairide tréamanta a chruthú ar choincheap an 'Imill'.

Tá Féile Scannáin Guth Gafa lonnaithe i gceann de na dúichí is scártha, is iargúlta, ach is mó áille san Eoraip. Anseo i nGort an Choirce, tá muid ar imeall an imill: imeall na hÉireann, imeall na hEorpa, ach ag imeall faobhair na scannánaíochta faisnéise. Scartha anseo, mar atá muid, tá ár bhféiniúlacht féin cruthaithe againn, agus ba mhór linn go mbeidh atmaisféar rí-léir na féiniúlachta ag na 'Cártaí Poist don Imeall'.

Tig leis na 'cártaí poist' léargas a thabhairt ar an saol ar an imeall, cibé is ciall leis sin: is féidir leo bheith mar theachtaireachtaí pearsanta ó thaobh istigh na mórchathaireacha ina gcónaíonn na healaíontóirí seo, mar léiriú fileata ar chuimhní cinn na ndaoine fá dtaobh dá seal i nDún na nGall, litreacha doiléire nó ráitis oscailte, greannmhar nó brónach.

Taispeánfar na píosaí go léir mar chuid dár n-insealbhú féile agus ar an suíomh gréasáin.

Is tionscnamh de chuid Féile Scannáin Faisnéise Guth Gafa é 'Cártaí Poist Don Imeall', á mhaoiniú ag Ealaín na Gaeltachta fríd a Scéim Ealaíona sa Phobal.

Imeachtaí
Films
scannáin
Films
imeachtaí
Films
aíonna
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.