| Taispeántais Radharc |
Tá áthas ar Fhéile Scannáin Faisnéise Guth Gafa comhpháirtíocht a fhógairt don dara bliain le Iontaobhas Radharc d’fhéile 2008. Tá Iontaobhas Radharc, i gcomhpháirt le Bord Scannán na hÉireann, ag comhmhaoiniú na ndíospóireachtaí iar-thaispeántais le stiúrthóirí idirnáisiúnta uilig, agus beidh taispeántas speisialta á chur ar siúl ag ball d’Iontaobhas Radharc ón chartlann de bhreis is 400 scannán dá chuid.
I mbliana, tá muid ag comhcheangail oidhreacht Radharc de dhéantús eiticiúil scannán le Angels in the Dust, scéal teaghlach san Aifric Theas a d’fhág saol pribhléide na mbruachbhailte le sráidbhaile agus scoil iontach a thógáil a sholáthríonn dídeán, bia, agus oideachas do bhreis is 550 páistí ón Aifric Theas, an chuid is mó dóibh ina ndílleachtaí de barr SEIF. Cuirfear Peter Dunn ó Iontaobhas Radharc an scannán seo in aithne don lucht féachana.
Tá amantaí na dtaispeántas seo fós le cinntiú.
Is eagraíocht neamhspleách carthanachta bunaithe in Éirinn í Iontaobhas Radharc a chuireann ardchaighéan, ionracas, feasacht agus proifisiúntacht chun cinn sna meáin chumarsáide. Tá an tIontaobhas gafa ag prionsabail agus luachanna na héisteachta agus na foghlamtha, meas, cothromaíocht agus follasacht.
Tá an chartlann de bhreis is 400 clár faisnéise léirithe ar cheisteanna sóisialta agus creidimh ó pheirspictíocht Chríostaí atá ag Radharc ionadaíoch de dhianiarracht an chéad aonad neamhspleách léirithe teilifíse in Éirinn ó na 1950í ar aghaidh. Bheireann na scannáin seo cuntas ar shaol agus cultúr sa tír seo agus ar fud an domhain, agus ceisteanna casta sóisialta is polaitiúla á léiriú ar bhealach a chuaigh in aghaidh agus a bhain an bonn den smaointeoireacht ghlactha go minic. I luath-aimsir na craoltóireachta in Éireann, áiríodh Radharc as ucht a chur chuige nuálaíoch, mar gheall ar na hábhair a bhí idir lámha aige agus an léiriú teilifíse ar áiteanna agus ceisteanna a raibh ar imeall an tsochaí.
Tá trí phríomhsprioc ag Iontaobhas Radharc:
1. 1.Díopóireacht dáiríre pobail ar ábhair thábhachtacha ag baint leis na meáin chumarsáide a éascú
Oibríonn Iontaobhas Radharc chun spás oscailte a chur ar fáil fá choinne díospóireacht ar an chineál meán atá againn, an cineál meán a bhfuil muid ag iarraidh, agus an cineál meán atá tuillte againn.
2. 2.Ionracas proifisiúnta a éascú sna meáin chumarsáide
Aimsíonn agus aithníonn an tIontaobhas éachtanna i léiriú cumarsáide i dtraidisiún Radharc.
3. To facilitate media awareness education
Scil an-tábhachtach is ea é tuiscint a bheith agat ar cén dóigh a n-oibríónn na meáin chumarsáide. Tá eolas cothrom, cóir is cruinn riachtanach le cur ar ár gcumas anailís cheart a dhéanamh. Dírítear aird speisialta ar oideachas ar litearthacht sna meáin ag scolaíocht bun agus dara leibhéal.
www.radharc.ie