Pádraic Ó Conaire - An Fear Éireann, 2007, 52 nóim
Stiúrthóir: Johnny White
Fri 16th • Cinemobile • 1:45pm
Tá Pádraic Ó Conaire ar cheann de na scríbhneoirí is mó cáil in Éirinn, ach fós gan mórán tuisceana air. Athnítear ar fud na cruinne é, ach go hannamh as ucht aon ní eile seachas go raibh asal beag dubh aige agus go raibh sé tugtha don ól. Nuair atá a thuilleadh ar eolas againn is cumasc ait staire is ficsin é, rud, gan amhras, a mbeadh Ó Conaire féin bródúil as.
An rómánsaí meisciúil, an cleasaí sona, flaithiúil, santach as cuimse. Scéal contrárthachtaí is áibhéile is ea a shaol. Cérbh é an fear féin? An féidir linn riamh aithne a chur an Pádraic Ó Conaire na fírinne?
Is clár faisnéise é Pádraic Ó Conaire - An Fear a dhéanann cur síos ar shaol is ar shaoltaithí Phádraic Uí Chonaire a mheascann dráma, cartlann agus agallaimh, ní amháin chun an fhírinne a nochtadh faoi cheann de na scríbhneoirí is ansa in Éirinn, ach chun breith agus blianta tosaigh Shaorstát Éireann a scagadh, próiseas a raibh dlúthbhaint aige leis.
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.