Scéal cneasaithe in aghaidh géarchéime sceirdiúla atá i mbun millte ar shráidbhailte iomlána san Aifric Theas agus ag fágáil na mílte páistí ina ndílleachtaí is ea Angels in the Dust. Faoin bhliain 2010, beidh 100 milliún daoine san Aifric fho-Shahárach galrach le VID/SEIF agus 40 milliún páistí ina ndílleachtaí mar gheall air. Ach i measc na gruaime tá dóchas. Seo hé scéal inspioráideach Marion Cloete, teiripeach oilte a shiúl go neamheaglach - lena fear céile agus beirt iníon - ó shaol an phribhléid i mbruachbhaile saibhir de Johannesburg chun Boikarabelo (Botshabelo a bhí ann roimhe), sráidbhaile agus scoil éachtach a sholáthraíonn dídean, bia, agus oideachas do bhreis is 550 páistí ón Aifric Theas. Scéal fá bhean chróga, fhéin-íobartach, fhíor-ghrámhar atá in Angels in the Dust, bean a roghnaíonn bealach spioradálta thar an ceann ábhartha; cumhacht dochreidte aon chroí thaisiúil amháin. Do náisiún á slogadh ag eipidéim VID/SEIF, dílleachtaí, éigean, foréigean, agus oidhreacht míshuaimhnis sóisialta agus polaitiúla na Cinedheighilte, tairgeann an scannán seo bealach soiléir dóchais agus múnla dea-chleachtais don todhchaí.
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.