BearlaGaelige
teagmháilbaile
Imeacht na nIarlaí
Éireann, 2007, 52 nóim
Stiúrthóir: Paul Larkin


Sun 18th • Óstán Loch Altan • 2:15pm
Imeacht na nIarlaí
Imeacht rí-chinniúnach is díol suntais i stair na hÉireann is ea Imeacht na nIarlaí in 1607, eachtra go traidisiúnta a sheasann do dheireadh ré na nGael in Éirinn. Chuir díbirt an méid sin de theaghlaigh na nGael Thuaidh in 1607 tús le ceann de na haistruithe is suntasaí i bpolaitíocht na hEorpa sa Nua-aois Luath - Plandáil Uladh, a chlaochlaigh Cúige Uladh go deo.
Ar an 14 Meán Fómhair 1607, d'fhág Aodh Ó Néill - Iarla Thír Eoghain, ceann de na ceannairí polaitiúla is carasmataí dá raibh ann in Éirinn is a bhí i gceannas ar Chogadh na Naoi mBliana in aghaidh Sasana - mar aon le formhór uaisleacht Uladh agus a dteaghlaigh, Tír Chonaill i long chun na hEorpa. Ba bheag gur shíl siad nach bhfeicfeadh siad Éire riamh arís is a chríochnóidh siad a saol sa Róimh.
Díríonn an clár faisnéise seo ar na cúiseanna laistiar don imeacht; an turas trasna na hEorpa; deoraíocht Aodh Uí Néill sa Róimh.
Liosta Iomlán De Réir Ord Aibítre
Films
scannáin
Films
imeachtaí
Films
aíonna
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.