Jimmy Rosenberg an Ísiltír, 2006, 78 nóim
Stiúrthóir: Jeroen Berkvens
Sat 17th • Óstán Loch Altan • 9:00pm
Scéal drámatúil an ghiotáraí giofóg Jimmy Rosenberg. Nuair nach raibh sé ach 12 bliana d'aois bhíothas ag súil go nglacfadh Jimmy oidhreacht an ghiotáraí iomráitigh Django Reinhardt. Go luath ina dhiaidh sheinn sé taobh le ceoltóirí mór le rá. Mar dhéagóir, bhain sé stáitse idirnáisiúnta amach ach nuair a shínigh sé conradh le Sony Classics thosaigh cúrsaí ag dul in olcas. Ag aois a 26, níl aon bhaile buan ag Jimmy. Formhór an ama bíonn sé ina chónaí lena mháthair agus a bheirt dheartháir ar fheirm iargúlta. Idir an dá linn tá a andúil i ndrugaí tar éis a shaol a scrios. Ní fhaca sé a thriúr páistí le blianta. Tá a athair ar tí bheith scaoilte saor i ndiaidh ocht mbliana a chaitheamh i bpríosún agus é go mór ag iarraidh cuidiú a thabhairt dá mhac. An n-éireoidh le Jimmy, áfach, athsheilbh a ghlacadh ar an teideal ar tugadh air agus é ina pháiste? In ainneoin a nósanna millteacha maireachtála níor tháinig ach fás ar a chumas chun an giotár a sheinnt go beacht cruinn ag luas lasrach. Ach an leor an bua sin chun é a tharraingt ar ais óna sheanshaol?
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.