BearlaGaelige
teagmháilbaile
Losers and Winners
An Ghearmáin, 2006, 96 nóim
Stiúrthóirí: Ulrike Franke, Michael Loeken


Sat 17th • Óstán Loch Altan • 4:30pm
Losers and Winners
Ar feadh thréimhse bliana go leith, amharcann na déantóirí scannán Ulrike Franke agus Michael Loeken ar shuíomh tionsclaíoch ollmhór agus é á dhíchóimeáil, ag taifeadadh na scéalta a thionlacann a imeacht: eispéireas na n-oibrithe Coke i Réigiún an Ruhr le teacht agus modhanna oibrithe na Síneach, a gcuid mothúchán agus a mbród ina n-obair ag imeacht mar aon leis an mhonarcha a bhí ar an mhonarcha Coke is nua-aimseartha ar an domhan. Ach fosta an strus agus na coimhlintí a bhraitheann na hoibrithe Síneacha i rith a seachtain 60-uair an chloig, i bhfad ó bhaile is ó mhuintir, gafa idir meidhréis agus amhras faoina dtodhchaí.
Dhá dhomhan in adharca a chéile. Ach cé hé an buaiteoir agus cé a chailleann i ndeireadh na dála nuair a thréigeann na postanna agus "an mhíorúilt eacnamaíochta" a bhí laistiar dóibh a dtír dhúchais agus téann réigiún iomlán den Ghearmáin i dtaithí ar fheinimeán an domhandaithe, agus físeanna úra ag teacht is ag imeacht achan lá sa Mheán-Ríocht ag an am céanna?
Liosta Iomlán De Réir Ord Aibítre
Films
scannáin
Films
imeachtaí
Films
aíonna
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.