BearlaGaelige
teagmháilbaile

Patrick McCabe, Blood Relations
Éireann, 2008, 52 nóim
Stiúrthóir: Dara McCluskey


Sat 17th • Óstán Loch Altan • 7:00pm

Patrick McCabe - The Flesh and the Devil
Taifeadaithe i mBaile Átha Cliath, Londain agus i gContae Mhuineacháin, rianann Patrick McCabe, Blood Relations saol agus forbairt ceann de na scíbhneoirí is cumhachtaí agus is cruthaithí in Éirinn. Ina shlí dhrámatúil shainiúil scagann sé ról an teaghlaigh i saol an ealaíontóra.
Inste ag McCabe é féin, a theaghlach is a chairde, na tionchair a chuaigh i bhfeidhm air agus a chuid scríbhneoireachta. Don chéad uair riamh pléann sé na cúnsí tragóideacha a bhain le bás a thuismitheoirí – cén dóigh ar fhág siad a lorg air féin agus ar a chuid ficsin agus conas a raibh siad mar inspioráid don leabhar is cáiliúla dá chuid, The Butcher Boy – saothar go mór faoina scáil.
Le scríbhneoirí Colm Toibín, Eugene McCabe agus Dermot Bolger a chuireann léargais ar shaol agus saothair McCabe agus fáiscíní ón scannán The Butcher Boy stiúrtha ag Neil Jordan, chomh maith le sliochtanna ó leabhair an údair.
Liosta Iomlán De Réir Ord Aibítre
Films
scannáin
Films
imeachtaí
Films
aíonna
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.