Queen of Condoms An Eilvéis/Éireann, 2007, 75 nóim
Stiúrthóirí: Silvana Ceschi, Reto Stamm
Sat 17th • Cinemobile • 2:00pm
Scannán fán Ghearmánach Monika Krause, a chruthaigh conspóid i gCúba mar an chéad oideachasóir stáit ar chúrsaí gnéis. Go luath tar éis na Réabhlóide Cúbaigh thit Monika i ngrá le Jesús Jiménez, captaen Cúbach, agus sheol sí chun na tíre. Ansin, tosnaíonn sí ag meascadh le huasaicmí na réabhlóide agus baineann sí clú agus cáil náisiúnta amach ina ról mar oideachasóir gnéis an stáit, le cláir raidió is teilifíse. Sa tír seo ina bhfuil an fireann seanbhunaithe san uachtar, troideann sí ar son chearta na mban i dtaobh sásaimh chollaí, frithghiniúna agus ginmhillte. Bheirtear 'The Queen of Condoms' mar leasainm uirthi, urraithe agus adhartha ag cuid den phobal, ag tarraingt fuatha is faitís ón chuid eile. Nuair is léir nach bhfuil Jesús in inmhe déileáil le gníomhaíochtaí a mná céile scarann siad. Nuair a thosaíonn Monika ar fheachtas i gcoinne imeallú homaighghnéasach le linn na n-ochtóidí tarraingíonn sí míshásamh na n-údarás. Tar éis thitim Bhalla Bheirlín éalaíonn sí ó Chúba lena beirt mhac ar ais chun na Gearmáine. Tugann Monika cuid mhaith dá shaol do Chúba fós, ach níl sí in ann, ná níl sí ag iarraidh, filleadh ar ais go Cúba. Déanann a mic turas ar ais ar a son. Foghlaimíonn an lucht féachana fá shaol corraitheach Monika fríd a dtaighde.
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.