Taispeántais Speisialta Radharc:
Our Debt to the Amerindians Éireann/An Bholaiv/Peiriú, 1992,
26 nóim
Stiúrthóir: Joe Dunn The Restless Knives Éireann/na Filipínigh, 1968, 27 nóim
Stiúrthóir: Peter Dunn
Sun 18th • Óstán Loch Altan • 12:00pm
Is eagraíocht neamhspleách charthanach í Iontaobhas Radharc atá ag obair ar son ardchaighdeáin sna meáin chumarsáide in Éirinn.
Sa dara leath de na caogaidí, i measc na díospóireachta uilig fán teilifís úr, shíl Ardeaspag Átha Cliath ag an am, John Charles McQuaid, gur cheart go bhfoghlaimeoidh sagairt faoi sa dóigh go dtiocfadh leo comhairle a thabhairt do na craoltóirí nua. Cuireadh beirt shagart chuig Nua-Eabhrac le foghlain fán teilifís - An tAth. Des Forrestal agus an tAth. Joe Dunn.
Ar a dteacht ar ais chun na hÉireann léirigh Joe Dunn agus cúpla sagart eile scannáin thurgnamhacha ar théamaí creidimh. Baisteadh Radharc ar na scannáin seo.
Mar sin a thosaigh ceann de na caidrimh is neamhchoitianta i gcraoltóireacht na hÉireann. Mar sin a thosaigh an chéad aonad neamhspleách léirithe teilifíse in Éirinn chomh maith.
Tá thart fá 420 scannán i gCartlann Radharc, gníomhaíochtaí na misinéirí Éireannacha thar sáile mar ábhar plé go minic iontu. Bhí ról ag an ghné idirnáisiúnta seo i nginiúint airde agus suime i measc phobal na hÉireann i dtaobh cheisteanna córa is síochána ar fud an domhain.
Our Debt to the Amerindians
In aimsir ghabháil na Spáinneach, shábháil dúchasaigh Mheiriceá na milliúin saol san Eoraip lena saibhreas talmhaíochta agus a saineolas liachta. Níor díoladh an fiach riamh.
The Restless Knives
In 1984 díbríodh an tAth. Niall O’Brien as na hOileáin Fhilipíneacha tar éis dó seal a chaitheamh i bpríosún ann mar gheall ar a obair ar son oibrithe na gcána siúcra in Negros, Na Filipínigh. Is léiriú é an scannán seo, a rinneadh leis an Ath. O’Brien, ar na cúinsí ina mhair agus ina d’obair daoine ag an am sin.
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.