Red Mist Éireann, 2007, 58 nóim
Stiúrthóir: Éamon Little
Fri 16th • Cinemobile • 9:45pm
Is beag Éireannach a dhéanfaidh dearmad a choíche ar Saipan, mí na Bealtaine 2002, agus an t-easaontas ba mhó riamh i sacar na hÉireann. Cé mhéad, áfach, a bhí ar an eolas caidé a tharla ar an oileán beag sin san Aigéan Ciúin? Cén dóigh ar tharla sé go ndíbríodh ár gcaptaen agus an t-imreoir ab fhearr ar an fhoireann abhaile ón Chorn Domhanda ag ordú a bhainisteora féin Mick McCarthy, díreach naoi lá roimh ár gcluiche oscailte sa chomórtas?
Ag baint úsáide as beochan chun léiriú a thabhairt ar an ghnáththeaghlach Éireannach le linn na linne suaite sin, agus le cuidiú Eamon Dunphy, Tommie Gorman, Marian Finucane agus daoine eile, léiríonn an clár seo meon an náisiúin i rith na seachtaine dodhearmadtha sin.
Blúire éadrom gheanúil is ea Red Mist ar sheachtain urghnách i saol náisiúin a bhí cráite ag an aighneas idir beirt fhear mhóra i mbrístí gearra ar an taobh eile den domhan.
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.