BearlaGaelige
teagmháilbaile
Seaview
Éireann, 2008, 82 nóim
Stiúrthóirí: Nicky Gogan, Paul Rowley


Sun 18th • Cinemobile • 12:00pm
Seaview
Uair an chloig thuaidh ó Bhaile Átha Cliath tá dornán foirgneamh liath suiminte cois farraige a bhfuil cuma an-aisteach orthu, le dorais ghealdhaite agus seanmharcaíochtaí meirgeacha. Mosney atá ann - iar-champa samhraidh de chuid Butlin's go dtí le gairid, áit a dtéadh teaghlaigh Éireannacha ann chun éalú ón ghnáthchúrsa laethúil oibre agus a scíth a ligint. Pictiúr eile ar fad a léiríonn cuairt ar Mosney inniu, ach pictiúr éalaithe go fóill. Tá an seanchampa saoire anois ina champa de shaghas eile, ionad coinneála d'iarrthóirí tearmainn ó achan chearn den domhan. Anseo fanann an lucht cónaithe úr blianta le haghaidh torthaí a n-iarratas tearmainn. Ar a dteacht anseo, conas mar a éiríonn leis na daoine díláithrithe seo titim isteach ar an timpeallacht nua? Cén tionchar a mbíonn ag an choimeád fadtéarmach seo ar a n-uaillmhian, ar a sláinte intinne? An bhfuil tús leighis le fáil anseo, nó an gcruthaíonn an éiginnteacht crá croí úr? Agus cén dóigh a d'aistrigh spiorad na féile le foireann an champa lena gcléint nua, cuid acu ag obair agus ag cónaí anseo le daichead bliain anuas?
Liosta Iomlán De Réir Ord Aibítre
Films
scannáin
Films
imeachtaí
Films
aíonna
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.