Second Sight Albain/Ceanada, 2008, 52 nóim
Stiúrthóir: Alison McAlpine
Fri 16th • Óstán Loch Altan • 3:30pm
Tá na fiosrúcháin taibhsí agus pearsantacht charasmatach Don Angie MacLean ag croílár Second Sight. I dtéarmaí cineama, is neamhfhicsean noir le casadh Albanach é seo. Agus muid ag taistil le Don Angie ar oileán fíochmhar gaothmhar is é an ceamara ár gcara is ár bhfinné. Tugann sé cuairt ar chairde is seanchaithe aosta eile. Cruinnítear an scéal i smionagair, eispéiris saoil ag teacht le chéile chun léiriú a tabhairt ar shaol tuaithe ar tí a imeachta. Mar is eol go maith dó: "Ag amharc ar dhuine slán inniu, go mbeadh sé slán amárach - ní tharlaíonn sé i gcónaí". Léiríonn Second Sight an ghlúin dheireanach a bhfuil béaloideas na hAlban aici, pobal ag fás aníos gan teilifís gan leictreachas. Saibhir i ngreann, machnamh is ea an scannán seo ar an saol is ar an mhoráltacht. Ceiliúradh atá ann ar charachtair as an ghnáth, cuid mhór acu imithe ar shlí na fírinne anois. Leanann tírdhreacha is fuaimdhreacha den chuimhne, iad chomh fíor leis an dúlra, ag nochtadh oileáin dhraíochta réadúil, líon lán le scéalta sceirdiúla taibhsí is dúchasaigh dhodhearmadtha.
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.