BearlaGaelige
teagmháilbaile
Shadow of the Holy Book
An Fhionlainn, 2007, 90 nóim
Stiúrthóir: Arto Halonen


Fri 16th • Cinemobile • 7:30pm
Shadow of the Holy Book
Fiosraíonn Shadow of the Holy Book moráltacht na gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus an deachtóireacht atá i gceannas ar réigiún saibhir in ola agus gás i dTuircméanastáin. Cabhraíonn na comhlachtaí seo chun tacaíocht bolscaireachta a thabhairt don deachtóireacht, tacaíocht atá de dhíth uirthi chun fanacht i gcumhacht. Tá leabhar áiféiseach scríofa ag Saparmurat Niyazov, deachtóir Tuircméanastáin: an Ruhnama, nó an Leabhar Anama, uirlis lárnach de chuid an rialtais chun cearta daonna agus saoirse cainte a choinneáil faoi chois. In ainneoin sin, is iomaí comhlacht idirnáisiúnta a bheireann a dtacaíocht fholaitheach don Ruhnama agus a chuidíonn leis na guthanna agóide a chur i dtost - ar son margaí ollmhóra gnó, dar ndóigh. Leanann an scannán dlíodóir/údar Kevin Frazier agus stiúrthóir an scannáin Arto Halonen agus iad ag taistil ón Eoraip chuig Tuircméanastáin, agus an bealach ar fad chun na Stát Aontaithe. Tá na déantóirí scannán ag cuardach comhlachtaí ag feidhmiú i dTuircméanastáin, go háirithe iad siúd a d'aistrigh na leabhair Ruhnama go dtí a dteangacha féin agus, dá bhrí sin, a thacaigh leis an deachtóireacht ar an dóigh is seafóidí atá ann. Léiríonn an scannán an staid faoi láthair i dTuircméanastáin fosta, éifeachtacht an leabhar Ruhnama agus eiticí na gcomhlachtaí ann. Déantar é seo fríd an lucht agóide agus na teifigh, léir mhór acu a d'fhulaing géarleanúint, céasadh agus iarrachtaí feallmharfóireachta beartaithe ag rialtas na tíre.
Liosta Iomlán De Réir Ord Aibítre
Films
scannáin
Films
imeachtaí
Films
aíonna
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.