An Táilliúir Gorm Éireann, 2008, 52 nóim
Stiúrthóir: Mike Grodner
Fri 16th • Óstán Loch Altan • 12:00pm
Scéal oileáin bhig Inis Bhigil agus a stair speisialta féin. Fá cheilt idir scáth Oileán Acla agus cósta thiar Mhaigh Eo, tá an chuma ar an áit go bhfuil sé caillte sa tsean-aimsir. Gan rochtain ar bith seachas bád oscailte thar cuid de na sruthanna is contúirtí san Eoraip, ní hiontas ar bith é gur tháinig meath ar phobal an oileáin le blianta anuas. Gan ach trí dhúchasach is fiche fágtha, tá lucht cónaithe an oileáin anois tagtha chun crosbhealaigh.
Iar-mháistir scoile agus ceann de na daoine is sine ar an oileán, déanann Paddy Henry aithris ar scéal an fhile Pádraig Ó Daibheád, ceann de na chéad daoine a chónaigh ar Inis Bigil, an Tailliúr Gorm. Fríd a léargas nochtann sé stair agus oidhreacht shuntasach an oileáin sa cheol, san fhilíocht is san fhírinne. Mar an t-aon oileán Éireannach a bhí Protastúnach agus a labhair Gaeilge leis tá pearsantacht dá chuid féin ag baint leis an áit, ní nach ionadh.
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.