BearlaGaelige
teagmháilbaile

Slí Anseo
Tá Gort a' Choirce lonnaithe in iar-thuaisceart Thír Chonaill ar shlí N56, thart fá 40 ciliméadar ó Leitir Ceanainn. Is féidr teacht ar an áit go furast sa charr, eitleán nó bus.

Eitleán:
Bíonn dhá eitilt sa lá ó Aerfort Dhún na nGall, suite tiomáint 20 bomaite ó Ghort a' Choirce, go dtí/ó Baile Átha Cliath, agus trí uair sa tseachtain go dtí/ó Prestwick Glaschú.

Sa Charr:
Ó Leitir Ceanainn, lean an N56 trí na bailte seo a leanas: Cill Mhic Réanáin > An Craoslach > Dún Fionnachaidh > Fál Carrach. Is é Gort a' Choirce an chéad sráidbhaile i ndiaidh an Fháil Charraigh.

Ar an bhus:
Tá roinnt oibritheoirí príobháideacha a ritheann seirbhísí rialta trí Ghort a' Choirce. Ina measc tá John McGinley (BÁC - Dún na nGall), Feda O'Donnell (Gaillimh - Dún na nGall) agus Patrick Gallagher (Béal Feirste - Dún na nGall). Is féidir teacht a fhad linn ó limistéir eile sa tír má ghlacann tú Bus Éireann chuig Leitir Ceanainn agus ceann de na seirbhísí thuasluaite a fhail ar aghaidh go Gort a' Choirce.

Films
scannáin
Films
imeachtaí
Films
aíonna
This website has been designed to be compatible with all modern browsers. If you are having trouble viewing the site,
please check that your browser has javascript enabled, or check for an updated version.