Tháinig críoch corraitheach ar Ghuth Gafa 2008 ar Dé Domhnaigh 18 Bealtaine leis an scannán deireanach, Angels in the Dust le Louise Hogarth. I ndiaidh trí lá de ghrian álainn, agus breis is tríocha scannán chomh hálainn céanna, shroich an tríú eagrán dár bhféile scannáin faisnéise a bhuaicphointe. I mbliana chuir sé áthas orainn méadú suntasach i líon na gcuairteoirí ó Éirinn is thar sáile a fheiceáil, leis na hóstáin, L&Bí, agus brúnna óige uilig líonta cóir a bheith lán. Labhair na stiúrthóirí idirnáisiúnta go léir fá ardchaighdeán an chláir, agus, chomh tábhachtach leis, fleadh agus fáilte fhoireann na féile agus an phobail áitiúil. Tar éis bhriseadh cúpla seachtaine, leanfaidh foireann Fhéile Guth Gafa ar aghaidh i mbun pleanála ar imeacht 2009. Buíochas ollmhór ó chroí d’achan duine a d’fhreastail ar na scannáin i mbliana, agus dár n-urraitheoirí, dár gcairde is dár lucht tacaíochta.